Taispeáintí Platinum Picture Show ar siúl mar chuid d’Fhéile na Bealtaine 2026

cinema seating

 

I mí na Bealtaine, téann Cláir Aoisbhá Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhar le Eye Cinema agus ‘Platinum Picture Show na Gaillimhe’ chun sraith taispeáintí a chur ar fáil chun ‘Féile na Bealtaine’ a cheiliúradh – agus beidh na chéad 40 ticéad ag gach taispeáint saoir in aisce! Is í ‘Féile na Bealtaine’ féile náisiúnta a dhéanann ceiliúradh ar na healaíona agus ar an dul in aois. Is taispeántas scannáin do dhaoine scothaosta i gCathair na Gaillimhe é an ‘Platinum Picture Show’. Bíonn The Platinum Picture Show ar siúl i gcaitheamh na bliana ar fad. 

Cosnaíonn na ticéid €7.50 an duine de ghnáth ach clúdóidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe na chéad 40 ticéad ag gach taispeáint i mí na Bealtaine - rud a chiallaíonn go mbeidh cead isteach saor in aisce ag an gcéad 40 duine a thiocfaidh le féachaint ar an scannán. 

Tá bailiúchán speisialta scannán curtha le chéile ag Eye Cinema don Fhéile a chlúdaíonn gach uile sheanrá. Bíonn taispeáintí an Platinum Picture Show ar siúl gach Aoine ag 12pm;

  • Dé hAoine an 1 Bealtaine: ‘Father Mother Sister Brother’ 

  • Dé hAoine an 8 Bealtaine: ‘The Devil Wears Prada 2’ 

  • Dé hAoine an 15 Bealtaine: ‘Once Upon a Time in a Cinema’ 

  • Dé hAoine an 22 Bealtaine: ‘Sirat’ 

  • Dé hAoine an 29 Bealtaine: ‘My Mother’s Wedding’ 

Beidh tae/caife saor in aisce le fáil gach maidin Dé hAoine sula dtaispeánfar an scannán agus osclófar doirse na pictiúrlainne ag 11.30am chun go mbeidh deis ag an lucht freastail suí síos agus comhrá a bheith acu sula dtosóidh an scannán. 

Tá na taispeáintí seo dírithe ar dhaoine sa bpobal atá ar scor ach tá míle fáilte roimh aon duine a bhfuil an t-am acu a bheith linn maidin Dé hAoine freisin.

Dúirt Chiara Oriani, Cláraitheoir Scannán san EYE Cinema, “Tá muid ag cur thaispeántais ‘Platinum Picture Show’ ar fáil le bliain nó mar sin anois agus ba mhór an pléisiúr dúinn a bheith ag bualadh leis na daoine níos sine sa bpobal agus iad a fheiceáil ag teacht ar ais chuig an bpictiúrlann gach seachtain agus iad ag súil le scannán difriúil a fheiceáil gach uile uair.” 

Is éard a dúirt Joe Maguire, Ball Deonach den Chomhairle Seandaoine, “Is iontach an bealach é le haghaidh an dá thrá a fhreastal - tá na daoine aosta in ann dul ag féachaint ar scannán ag am a fheileann dóibh féin agus casadh le daoine agus braon tae nó caife a ól dóibh féin i dtimpeallacht chompordach. Tá cairde nua déanta ag daoine, agus, i gcásanna áirithe, cairde nach bhfaca a chéile le fada faighte mór le chéile arís. Téann tionscnamh na Bealtaine seo chun tairbhe an lucht rialta freastail agus spreagann sé daoine nua freisin a bheith linn.” 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Joe Maguire pjoe.maguire@gmail.com nó EYE Cinema info@eyecinema.ie

 

Related news