Tarraingíodh siar na himeachtaí athbhreithnithe breithiúnaigh a thionscain an t-abhcóide rothaíochta, Shane Foran, i gcoinne Thionscadal Chuarbhóthar N6 na Gaillimhe.
D’fháiltigh Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) roimh an gcinneadh seo, a tháinig i ndiaidh teagmhála agus plé idir an tUasal Foran, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus foireann an tionscadail.
Dhírigh an plé ar fheidhmeanna iompair níos leithne na Comhairle Cathrach agus ar na pleananna atá i bhfeidhm chun feabhas a chur ar áiseanna rothaíochta ar fud na cathrach.
Tá Comhairle Contae na Gaillimhe ag cur Tionscadal Chuarbhóthar N6 na Gaillimhe chun cinn thar ceann an dá údarás áitiúil, i gcomhpháirt le Bonneagar Iompair Éireann.
Dúirt an dá údarás áitiúil agus BIÉ go bhfuil siad fós tiomanta don chuarbhóthar a chur i gcrích taobh le feabhsuithe ar iompar poiblí agus ar an mbonneagar siúil agus rothaíochta, de réir Straitéis Iompair na Gaillimhe.
Leanfaidh foireann na gComhairlí agus foireann an tionscadail leis an gcaidreamh le húinéirí tí ar an mbealach atá beartaithe, ag cur faisnéise agus tacaíochta ar fáil dóibh de réir mar a leanann an plé ar aghaidh faoi cheannach a gcuid tithe.
Le tarraingt siar na n-imeachtaí seo, tá deireadh anois le gach imeacht athbhreithnithe breithiúnaigh a bhain leis an tionscadal, rud a cheadaíonn dó bogadh ar aghaidh go dtí na céimeanna deartha agus tógála.