Tugann Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe cuireadh don Phobal chuig a Céad Chruinniú Poiblí Bliantúil

Members of Galway City Local Community Safety Partnership at its first statutory meeting with local elected representatives and Oireachtas members on Friday 18 September 2026 at the Aula Maxima, University of Galway.

Tionólfaidh Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe a céad Chruinniú Poiblí Bliantúil Dé Céadaoin, an 25 Samhain 2026 i Staid Dexcom, Gaillimh, idir 11am agus 1pm.

Tabharfaidh an cruinniú deis don phobal tuilleadh a fhoghlaim faoi obair na Comhpháirtíochta, cloisteáil faoin dul chun cinn atá déanta ó bunaíodh í agus teagmháil dhíreach a dhéanamh le hionadaithe ó réimse leathan gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí atá ag obair le chéile chun Cathair na Gaillimhe a dhéanamh níos sábháilte agus níos nasctha le bheith i do chónaí inti, le bheith ag obair inti, agus le bheith ag foghlaim inti agus le cuairt a thabhairt uirthi. Tugtar cuireadh do bhaill den phobal freastal ar an gcruinniú agus moltar dóibh ceisteanna a chur ar aghaidh roimh ré. Fáiltíonn an Chomhpháirtíocht roimh cheisteanna ó dhaoine aonair, ó ghrúpaí pobail agus ó eagraíochtaí agus, nuair is féidir, freagróidh comhaltaí na Comhpháirtíochta ceisteanna a gheofar roimh 5pm an 18 Samhain mar chuid de phlé an chruinnithe.

Bunaíodh Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla faoin Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024, agus tugann siad eagraíochtaí reachtúla, pobail agus deonacha le chéile chun tosaíochtaí sábháilteachta pobail a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal áitiúil. Is ionann an reachtaíocht agus athrú mór sa gcur chuige, trína n-aithnítear gur freagracht chomhroinnte í sábháilteacht an phobail a bhfuil níos mó ná póilíneacht i gceist léi agus a dteastaíonn comhoibriú ar fud gníomhaireachtaí rialtais, seirbhísí poiblí, pobal agus páirtithe leasmhara ina leith.

Ar Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe tá ionadaithe ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ón nGarda Síochána, FSS, Tusla, Ollscoil na Gaillimhe, seirbhísí óige, eagraíochtaí pobail agus deonacha, ionadaithe gnó áitiúla, comhaltaí tofa, Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe, Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil Réigiún an Iarthair agus príomhpháirtithe leasmhara eile. Oibríonn na heagraíochtaí sin i dteannta a chéile chun aghaidh a thabhairt ar na cúinsí uile a mbíonn tionchar acu ar shábháilteacht an phobail, lena n-áirítear sláinte agus folláine, rannpháirtíocht na hóige, mí-úsáid substaintí, sábháilteacht chomhshaoil, cuimsiú sóisialta, iompraíocht fhrithshóisialta, sábháilteacht ar bhóithre, sábháilteacht ar líne agus nascacht an phobail.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Niall McNelis:

“Tá i bhfad níos mó ná cosc ar choireacht i gceist le sábháilteacht pobail. Baineann sé le háiteanna a chruthú ina mbraitheann daoine sábháilte, ina mbraitheann siad go bhfuil tacaíocht acu agus go bhfuil siad nasctha. Ceann de na hathruithe is mó a tugadh isteach leis an reachtaíocht nua is ea go n-aithnítear gur ar an rialtas uile atá an fhreagracht i leith shábháilteacht an phobail. Mholfainn d'aon duine a bhfuil spéis acu i sábháilteacht an phobail freastal ar an gcruinniú agus ceisteanna a chur ar aghaidh roimh ré ionas gur féidir leo cloisteáil go díreach ó na heagraíochtaí lena mbaineann agus cur le tosaíochtaí amach anseo do Chathair na Gaillimhe."

Is éard a dúirt Kelly Slattery, Comhordaitheoir Sábháilteachta Pobail le Comhairle Cathrach na Gaillimhe:

"Is ócáid thábhachtach é an Cruinniú Poiblí Bliantúil seo do Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe. Ó bunaíodh an Chomhpháirtíocht i mí na Nollag 2025, tá comhaltaí ag obair le chéile chun tosaíochtaí sábháilteachta pobail áitiúla a shainaithint, fianaise a bhailiú agus gníomhaíochtaí a fhorbairt a dhéanfaidh difear dearfach ar fud na cathrach. Tabharfaidh an cruinniú an chéad deis don phobal cloisteáil go díreach ó bhaill na Comhpháirtíochta faoin obair atá déanta go dtí seo, faoin dul chun cinn atá déanta, agus faoi ról na n-eagraíochtaí atá ag obair le chéile chun tacú le sábháilteacht an phobail ar fud Chathair na Gaillimhe."

Tá duine ar bith ábalta freastal ar an gcruinniú oscailte agus tugann sé deis do mhuintir na háite, do ghrúpaí pobail agus d'eagraíochtaí áitiúla tuilleadh a fhoghlaim faoi obair na Comhpháirtíochta agus cur le tosaíochtaí sábháilteachta pobail amach anseo i gCathair na Gaillimhe.

Is féidir ceisteanna le breithniú ag an gcruinniú a chur ar aghaidh roimh ré chuig communitysafety@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 5pm an 18 Samhain.

Chun tuilleadh eolais agus sonraí clárúcháin a fháil, tabhair cuairt ar https://forms.cloud.microsoft/e/qjWCV5Udn3 

Related news