An Scéim
Is éard atá i gceist le Tionscadal Thrasrian Coisithe Dhroichead na mBradán ná trasrian sealadach do choisithe a thógáil trasna Bhóthar na hOllscoile (an R863) ag Ardeaglais na Gaillimhe. Is trasrian túcánach a bheidh anseo (i.e. trasrian atá rialaithe ag comharthaí do choisithe, do dhaoine atá ag úsáid deiseanna a bhfuil rothaí orthu, agus do rothaithe). Ceanglóidh an trasrian an cosán ar Bhóthar na hOllscoile, in aice le Garraí an Iascaigh, le Droichead an Dóchais agus feabhsófar an tsábháilteacht do gach úsáideoir bóthair.
Tá Brian Conneely and Co. Ltd., ag obair thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ag leanúint leis an obair thógála ar an tionscadal seo.
Beidh córais bainistithe tráchta shealadacha i bhfeidhm fad is a bheidh an obair ar siúl. Beidh gá lánaí a dhúnadh i rith na n-amanna sin. Cuirfear comharthaíocht in airde chun tiománaithe a chur ar an eolas faoin obair.
Dúnfar cosáin feadh Dhroichead na mBradán agus Bhóthar na hOllscoile mar a thugtar le fios sa bPlean Bainistithe Tráchta reatha. Cuirfear comharthaíocht in airde ar an dá thaobh de Dhroichead na mBradán, de réir mar is gá, chun úsáideoirí a chur ar an eolas faoi bhealaí sábháilte eile. Ní bheidh tionchar ag an obair seo ar Dhroichead an Dóchais agus fanfaidh sé oscailte an t-am ar fad.
Glactar buíochas leat roimh ré as do chomhoibriú agus do thuiscint.
Cuirfear an nuacht is déanaí maidir leis an tionscadal seo ar fáil ar an leathanach gréasáin seo. Cuirfear an nuacht is déanaí ar fáil ar chuntais Facebook agus Instagram Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Rannóg Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe má tá aon cheist agat trí ríomhphost a sheoladh chuig ActiveTravel@GalwayCity.ie nó trí ghlaoch ar (091) 536400.
Glactar buíochas leat roimh ré as do chomhoibriú agus do thuiscint.