Deiseanna Ealaíona Gníomhacha 2025
Comhairle Cathrach na Gaillimhe Oíche Chultúir
Liostú agus Ciste Imeachtaí Oíche Chultúir Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Beidh an fichiú eagrán déag den Oíche Chultúir ar siúl Dé hAoine 19ú Meán Fómhair 2025. Is í an Chomhairle Ealaíon a thabharfaidh an Oíche Chultúir chugat; is tráth náisiúnta é, a cheiliúrann cultúr, cruthaitheacht agus na healaíona agus féachann sé leis an gcreidiúint go bhfuil an cultúr saibhir éagsúil seo beo, luachmhar agus cothaithe i saol na ndaoine, inniu agus gach lá a chur chun cinn. Déantar é a sheachadadh ar fud na tíre i gcathracha, i mbailte, i sráidbhailte agus in áiteanna tuaithe chomh maith le ar líne agus trínár gcomhpháirtithe meáin.
Tá sé mar aidhm ag Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí i nGaillimh Láir, in Oirthear na Cathrach agus in Iarthar na Cathrach.
Tá sé mar aidhm againn freisin tacú le himeachtaí a spreagann agus a thacaíonn le héagsúlacht chomh maith le himeachtaí a chinntíonn go mbeidh tairiscintí déanacha ina ngné de chultúr agus de gheilleagar thráthnóna Chathair na Gaillimhe.
4pm ar 16ú Meitheamh an spriocdháta d'iarratais
Léigh na Treoirlínte roimh Iarratas a Dhéanamh
Próiseas Iarratais: iarratas a dhéanamh trí Submit
Le bheith ar an eolas faoi dheiseanna, déan teagmháil le arts@galwaycity.ie agus iarr ort a bheith curtha ar ár liosta seoltaí nuachtlitreach.
Deontais Ealaíon Bronnta 2025
Cliceáil anseo chun liosta na nDámhachtainí Deontas Eagraíochta Ealaíon do 2025 a fheiceáil.
Cartlann Deiseanna Ealaíon 2025
Deontas Eagraíochta Ealaíon 2025
Tá iarratais á lorg ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe do Dheontais Ealaíon 2025.
Is é cuspóir an Deontais Ealaíon suim an phobail a spreagadh, eolas, léirthuiscint a chothú agus caighdeáin sna healaíona a fheabhsú.
Tá Deontais Ealaíon d’Eagraíochtaí in dhá mhír:
- Sraith Gairmiúl
- Sraith Pobail, Deonach agus Amaitéarach
Spriocdháta Iarratais: 14 Eanáir 2025
Léigh na Treoirlínte roimh Iarratas a Dhéanamh
Próiseas Iarratais: iarratas a dhéanamh trí Submit
Deontas do Bhannaí de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe 2025
Fáiltíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh iarratais ar Dheontas do Bhannaí 2025.
Is féidir le bannaí scoile agus bannaí pobailí ó gach seánra ceoil iarratas a dhéanamh.
Tá tacaíocht ann d'fhorbairt bannaí, d'obair i dtreo taibhithe, agus do léirithe i gCathair na Gaillimhe.
Foirm iarratais ar líne agus treoirlínte ag www.galwaycity.ie/deontaisealaion
Is é an 6 Márta 2025 an spriocdháta.
Seol ceisteanna chuig arts@galwaycity.ie leis an líne ábhair 'Iarratas ar Dheontas do Bhannaí 2025'
Léigh na Treoirlínte roimh Iarratas a Dhéanamh
Próiseas Iarratais: iarratas a dhéanamh trí Submit
Sparántacht Cleachtóirí Cruthaitheacha 2025
Tá iarratais á lorg ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar Sparánacht na gCleachtóirí Cruthaitheacha 2025.
Tá an sparánacht do chleachtóirí cruthaitheacha atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe chun obair nua a fhorbairt agus chun tacú le cleachtais chruthaitheacha agus ghairmiúla.
Is próiseas iarratais ar líne amháin é seo.
Gach ceist - seol ríomhphost chuig arts@galwaycity.ie le do thoil leis an líne ábhair “Ceist ar Sparánacht Cleachtóir Cruthaitheach 2025”
Dáta deiridh: Dé Máirt, 25 Feabhra 2025
Léigh na Treoirlínte roimh Iarratas a Dhéanamh
Próiseas Iarratais: iarratas a dhéanamh trí Submit
Pat Coleman Scríbhneoir Cónaithe Éiritheach
Tá ríméad ar Áras Éanna Arts Centre, Inis Oírr agus Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an tionscadal Pat Coleman Scríbhneoir Cónaithe Éiritheach a fhógairt a thugann ómós do Pat, carachtar agus cara iontach do mhuintir na Gaillimhe.
Cónaitheacht trí seachtaine a bheidh ann i mBealtaine 2025. Gheobhaidh an t-iarratasóir rathúil na nithe seo a leanas:
• Bus agus bád farantóireachta ó Chathair na Gaillimhe go hInis Oírr & ar ais.
• Cóiríocht féinfhreastail ar feadh thréimhse na cónaitheachta
• Stipinn €2,000
• Spás stiúideo in Ionad Ealaíon Áras Éanna
• Ceardlanna meantóireachta
Chun iarratas a dhéanamh, is gá don ealaíontóir:
• a bheith ar fáil chun dul i mbun na cónaitheachta ina iomlán i Mí Bealtaine 2025
• a bheith ina chónaí i gCathair na Gaillimhe
Chun iarratas a dhéanamh, seol ríomhphost chuig arts@galwaycity.ie leis an méid seo a leanas:
• Litir chlúdaigh breac-chuntas ar a bhfuil beartaithe agat oibriú air le linn na cónaitheachta
• C.V.
• Samplaí de do chuid oibre
Is é an 14 Márta 2025 an spriocdháta d'iarratais.
Fógróimid an t-iarratasóir rathúil ar an Déardaoin 20ú Márta 2025.