Creatphlean Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá
Eolas faoin tionscadal
Is tionscadal é Creatphlean Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá chun tosaíochtaí áitiúla a fhiosrú agus chun smaointe a aithint agus a chur le chéile maidir le sráidbhaile agus cladach Bhóthar na Trá a fheabhsú.
Glac Páirt
Beimid ag reáchtáil sraith imeachtaí i rith 2025 chun deiseanna a chur ar fáil do mhuintir na háite páirt a ghlacadh, agus cabhrú linn fís a mhúnlú agus tosaíochtaí a aithint do Shráidbhaile agus do Chladach Bhóthar na Trá.
Tuairiscí Tionscadail
Léigh Achoimre Fheidhmeach CÉIM 2 anseo
Léigh an Tuarascáil CÉIM 2 anseo
Príomhthopaicí
Foghlaimeoimid faoi na tosaíochtaí do Bhóthar na Trá trí theagmháil a dhéanamh le daoine áitiúla éagsúla. Cuideoidh plé agus aiseolas linn dúshláin a aithint sa cheantar ar chóir aghaidh a thabhairt orthu agus na deiseanna atá ann chun dul i ngleic leo. Tá tuairimí cónaitheoirí áitiúla, úinéirí gnó, agus cuairteoirí ríthábhachtach dúinn chun tuiscint mhaith a fháil ar Bhóthar na Trá, ar na nithe atá speisialta faoin gceantar agus ar an mbealach gur féidir linn na nithe sin a chosaint agus feabhsuithe a chur i bhfeidhm mar is gá.
Cliceáil ar na cnaipí thíos chun tuilleadh a fhoghlaim faoin gceantar, agus faoi na príomhábhair a fhiosrófar le linn an tionscadail seo…
4 September 2025
Tá tionscadal iontach seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le tacaíocht ó Allies agus Morrison, speisialtóirí i ndearadh uirbeach agus i gcúrsaí rannpháirtíochta, chun tosaíochtaí áitiúla a fhiosrú d’fhonn cabhrú le todhchaí Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá a mhúnlú.
Forléargas ar an gCéad Chéim Rannpháirtíochta
4 February 2025
Bíodh Tionchar Agat ar Thodhchaí Bhóthar na Trá – Na Chéad Imeachtaí Comhairliúcháin Fógartha