
Tá dara Féile Aeráide na Gaillimhe 10-14 Meán Fómhair (www.GalwayClimateFestival.ie) ag tabhairt cuireadh do gach duine—teaghlaigh, ealaíontóirí, gnólachtaí, mic léinn, agus pobail ar fud Iarthar na hÉireann agus níos faide i gcéin— teacht le chéile chun ceiliúradh spreagúil a dhéanamh ar ghníomhaíocht aeráide, cruthaitheacht agus dóchas comhchoiteann.
Tá taispeántas tumthach idirghníomhach ar an bhFaiche Mhór, ‘Human: Nature’ leis an ealaíontóir solais agus fuaime a bhfuil duaiseanna buaite aige, Natural Symphony, ar cheann den iliomad imeachtaí atá beartaithe. Agus gan é ach Tagtha anall díreach ó Sheachtain Aeráide Londan a bhí ar siúl in Kings Cross, is eispéireas céadfach é an suiteán saor in aisce seo, a thugann deis do chuairteoirí idirghníomhú le plandaí beo a athraíonn tadhall go maisíochtaí amhairc fíor-ama agus ceol leictreonach.
Dúirt Tiarnan McCusker, Oifigeach Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide le Comhairle Cathrach na Gaillimhe:
“Beidh meascán ceart de chainteanna, díospóireachtaí painéil, taibhiú agus taispeántais mar chuid d’fhéile na bliana seo arís. Trí na healaíona a thabhairt isteach sa chomhrá, is féidir linn dlús a chur leis an aistriú go Gaillimh ísealcharbóin agus ár spriocanna aeráide a bhaint amach. Tá imeachtaí do gach duine anseo, agus tá go leor acu saor in aisce, mar sin ná caill é!’’
I measc bhuaicphointí na Féile tá:
- Siansa Nádúrtha ceol leictreonach beo agus seó closamhairc in Electric, Dé hAoine 12 Meán Fómhair ag 10pm le tacaíocht ó DJanna áitiúla LOLZ agus Front Left
- Dé Sathairn an 13 Meán Fómhair: Carnabhal Aeráide i bPáirc an Athar de Búrca, le hAonach na nOibrithe Deonacha & Cóisir Shráide sa gCeann Thiar in éineacht le DJanna Bang Bike Bhéal Feirste, Boola Boom agus Wild Geeze as Corcaigh. Cuirfidh an t-imeacht ardfhuinnimh seo ceol, damhsa agus inbhuanaitheacht ar fáil ar na sráideanna.
- Dé Domhnaigh an 14 Meán Fómhair Sráideanna Spraíúla agus Margadh dara láimhe ar an tSráid Láir
- Cainteanna & Painéil Go leor ionad. I measc na n-ábhar tá:
- Freagairt na hÉireann ar imeachtaí adhaimsire
- An Intleacht Shaorga agus Gníomhú ar son na hAeráide
- Crios Dícharbónaithe an Taoibh Thiar
- Cúinne an Ghiorria
- Ról lucht na n-ealaíon san éigeandáil aeráide
- Fuaimeanna an Athraithe Aeráide
- Féasta: Féasta an Fhómhair le Hinterland West ag úsáid táirgí áitiúla ó ghairdíní pobail agus feirmeacha ar fud Chontae na Gaillimhe
- Taispeántais ‘The Air We Share’ ag an Ionad Ealaíon agus Taispeántas Comhchoiteann Ealaíne Aeráide an Chinn Thiar ar Shráid Dhoiminic.
- Caifé & Ceardlanna Deisiúcháin Músaem Cathrach na Gaillimhe, cuireann na seisiúin phraiticiúla seo cleachtais gheilleagair chiorclaigh agus maireachtáil inbhuanaithe chun cinn.
Tá go leor de na himeachtaí saor in aisce agus is féidir clárú ar: www.GalwayClimateFestival.ie Ríomhphost Climate@GalwayCity.ie le haghaidh tuilleadh eolais. Tá tacaíocht fhlaithiúil á cur ar fáil don fhéile ag Comhar Creidmheasa an Chladaigh, LCDC agus Fondúireacht Phobail na hÉireann.