Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a bheith ar an ngearrliosta i dtrí chatagóir ag na Gradaim Tithíochta Uile-Éireann 2026. Is iad na tionscadail ar an ngearrliosta ná Bóithrín na Saoirse - Scéim Tithíochta don Lucht Siúil sa Chatagóir ‘An Fhorbraíocht Tithíochta is Fearr’; Cumarsáid Tithíochta Inacmhainne sa Chatagóir ‘Barrfheabhas sa Chumarsáid’; agus Seisiún Eolais Bricfeasta d’Fhorbróirí sa chatagóir ‘Ag Obair i gComhpháirt’. Tugann na Gradaim Tithíochta Uile-Éireann, arna n-eagrú ag an Institiúid Chairte Tithíochta, aitheantas do chruthaitheacht, paisean agus nuálaíocht eagraíochtaí tithíochta agus daoine aonair ar fud na hearnála in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Fógrófar na tionscadail bhuaiteacha ag searmanas bronnta in Ionad Titanic Bhéal Feirste an 20 Márta 2026.
Dúirt Elizabeth Fanning, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tacaíocht iontach atá sna gearrliostaí seo d’obair na foirne Tithíochta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, mar chuid dár gclár seachadta tithíochta. Tháinig Bóithrín na Saoirse, a seoladh le déanaí, in ionad láithreáin stad seanbhunaithe ó 1988 le cúig theach bhuana, nua-aimseartha, tíosach ar fhuinneamh atá deartha go sonrach do theaghlaigh an Lucht Siúil. Dearadh iad i ndlúthchomhar leis na teaghlaigh a bheadh ina gcónaí iontu agus le CENA, an Comhlacht Ceadaithe Tithíochta atá faoi threoir an Lucht Siúil. Léiríonn an tionscadal an ghluaiseacht i dtreo chóiríocht don Lucht Siúil atá sonrach agus dírithe ar an bpobal, a thagann leis an dea-chleachtas náisiúnta maidir le tithíocht a chur ar fáil san earnáil phoiblí.”
Dúirt sí freisin, “Dearadh an Seisiún Eolais Bricfeasta d’Fhorbróirí chun oifigigh shinsearacha ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, agus forbróirí réadmhaoine, pleanálaithe agus príomhpháirtithe leasmhara a thabhairt le chéile chun deiseanna a fhiosrú chun tionscadail tithíochta inacmhainne nua a sholáthar ar fud na Gaillimhe. Spreagadh forbróirí chun comhoibriú leis na húdaráis áitiúla maidir le scéimeanna tithíochta amach anseo agus cuireadh ar an eolas iad faoi na creataí rialála agus na meicníochtaí maoinithe is déanaí a thacaíonn le tionscnaimh tithíochta inacmhainne. Cuireann an tionscadal Cumarsáide Tithíochta Inacmhainne go mór leis an obair seo, le fócas ar an gceannaitheoir tí féideartha, agus ar a bhfuil de dhíth orthu faoin scéim. Forbraíodh fógarfhocal spriocdhírithe a roinn eispéiris fhíorshaoil ó úinéirí Tithe Inacmhainne agus a gcéad teach á cheannach acu. Tá an t-alt seo ar fáil ag www.GalwayCity.ie/Services/Housing/Affordable-Housing Leanann an obair seo ar aghaidh, agus d’óstáil an fhoireann le déanaí roinnt oícheanta eolais tithíochta, seoltaí agus suirbhéanna”.
Thug lucht eagraithe na ngradam 2026 le fios go raibh líon an-ard iontrálacha faighte acu, le hiarratais ar chaighdeán den scoth lena léirítear dúthracht, nuálaíocht agus tionchar na hoibre atá á seachadadh ar fud na hearnála tithíochta.
Léigh tuilleadh faoi na gradaim ag https://www.cih.org/events/all-ireland-housing-awards/
Íomhá:
Sa phictiúr ag Seisiún Eolais Bricfeasta do Thithe Inacmhainne na bhForbróirí in Óstán Mhionlaigh i mí Dheireadh Fómhair 2024 tá Louise Esler, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Pat Cunningham, Burkeway Homes, Fred Fullard, Burkeway Homes, Micheál Cormican, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe