Fógra faoi Bhóithre a bheidh le Dúnadh - Bóthar an Bhaile Bháin

An aerial photograph of Ballybane Road during construction of the Ballybane Road and Castlepark Road Active Travel Scheme

Tá Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Pháirc an Chaisleáin beagnach críochnaithe anois ag Coffey Construction Ltd. thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Leis an obair athdhromchlaithe iomláin bóthair beagnach críochnaithe anois ar Bhóthar Pháirc an Chaisleáin, is é atá i gceist leis an gcéad chéim eile ná dromchla nua ar fad a chur ar na carrbhealaí ar Bhóthar an Bhaile Bháin. Chun sábháilteacht an phobail agus na n-oibrithe a chinntiú le linn na hoibre seo, beifear ag dúnadh bóithre go sealadach ag tréimhsí áirithe i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Leagtar amach sonraí faoin dúnadh thíos. 

Tuigimid go mbeidh roinnt cur isteach i gceist agus gabhaimid ár mbuíochas leat as do chuid foighne agus an tionscadal á chur i gcrích go sábháilte.

Cén uair a bheidh an Dúnadh Bóithre i bhfeidhm?

Beidh Dúnadh Bóithre i bhfeidhm ón 9:30am – 4:00pm, Luan go hAoine ar na dátaí seo a leanas: 

  • Dé Luain an 27 Aibreán ar feadh tuairim is 3 seachtaine ar Bhóthar an Bhaile Bháin ó Bhóthar San Séamus go dtí acomhal Bhóthar Mhuine Mheá, agus d’fheadfaí Bóthar Mhuine Mheá Thoir agus Thiar a dhúnadh ag an acomhal ar Bhóthar an Bhaile Bháin ina dhiaidh sin ar feadh tréimhsí gearra.
     
  • Ní chuirfear tús leis an obair ar Bhóthar an Bhaile Bháin go dtí go mbeidh an obair ar Bhóthar Pháirc an Chaisleáin críochnaithe.

Rochtain do Dhaoine Áitiúla

Beidh bealach isteach agus amach ag feithiclí áitiúla ar thaobh amháin den bhóthar ag t-am ar fad, beidh comharthaíocht agus maoir ar fáil chun daoine áitiúla a chur ar an eolas faoi na bealaí atreoraithe atá i bhfeidhm chuig a dtithe.  Iarraimid oraibh a bheith foighneach nuair atá na maoir bhur gcur bealach atreoraithe. Beidh rochtain ag coisithe agus ag deiseanna a bhfuil rothaí orthu ar an mbóthar an t-am ar fad. 

Seirbhísí Bus

Déanfar seirbhísí bus a atreorú ó Bhóthar an Bhaile Bháin idir 9.30am – 4.00pm, agus leanfaidh siad an bealach atreoraithe atá sa léaráid thíos. Rithfidh na busanna mar is gnáth gach tráth eile. Cuirfear comharthaíocht in airde freisin ag gach stad bus chun paisinéirí a chur ar an eolas faoin stad bus malartach a bheidh ar Bhóthar San Séamas nó ar Bhóthar Mhichíl Uí Choileáin.

Tuilleadh Eolais agus Ceisteanna

Tá tuilleadh eolais ar fáil ón Bileog Eolais ón gConraitheoir agus ar an nasc seo.

Déan teagmháil le foireann tionscadail Coffey 086 3847193 nó ActiveTravel@GalwayCity.ie 

Related news