Nocht Comhairle Cathrach na Gaillimhe dhá chomóradh chathartha nua an tseachtain seo (Déardaoin an 7 Bealtaine 2026), lenar léiríodh ómós don Dr Arthur Colahan (1885–1952), cumadóir an amhráin chlúitigh ‘Galway Bay’, agus do Tommy Keane (1968 – 2012), duine de na peileadóirí gairmiúla is iomráití i nGaillimh.
Bhain ‘Galway Bay’ cáil amach ar fud an domhain i lár an‑ 20ú haois nuair a thaifead Bing Crosby é agus nuair a bhí sé i bhfuaimrian an scannáin ‘The Quiet Man’, ina raibh John Wayne agus Maureen O’Hara. Nochtadh plaic ar a raibh liricí am amhráin ‘Galway Bay’, a bhain amach barr na cairte, ar Phromanáid Bhóthar na Trá, ag breathnú amach ar an tírdhreach a spreag ceann de na hamhráin is so-aitheanta in Éirinn, amhrán a mhúsclaíonn féiniúlacht na nGael, a chuireann an eisimirce, agus cumha i ndiaidh an bhaile i gcuimhne.
Ba é Arthur Colahan an chéad pháiste a rugadh do Sarah Whistler agus don Ollamh Nicholas Whistler Colahan in 1884. Bhog an teaghlach ó Inis Ceithleann go dtí an Corrán, Gaillimh nuair a chuaigh an Dr Colahan i mbun poist nua, agus thosaigh Arthur ag freastal ar ‘the Bish’ nuair a bhí sé 13 bliana d’aois. Cé gur chaith an Dr Arthur Nicholas ‘Whistler’ Colahan cuid mhaith dá shaol gairmiúil ag obair ina speisialtóir leighis i Sasana, níor chaill sé a cheangal le Gaillimh riamh, an áit a bhfuil sé curtha.
Mar chuid den dara comóradh, ainmníodh an pháirc sacair i bPáirc an Labhrais go hoifigiúil mar ‘Pháirc Tommy Keane’ - ag comóradh saol agus oidhreacht peileadóra a mheastar go forleathan a bheith ar dhuine de na himreoirí is cumasaí dá ghlúin i gCathair na Gaillimhe, a fuair bás nuair a bhí sé 44 bliana d’aois.
D'imir Tommy Keane arb as Páirc na Coiribe dó ó dhúchas, do na Corrib Rangers, West United, Bóthar an Athair Uí Ghríofa agus Galway United. D'imir sé i Sasana freisin do Bournemouth agus Colchester United, agus ghlac sé páirt sa tSraith Peile 19 n-uaire san iomlán. Is fearr a chuimhnítear air mar gheall ar an ról lárnach a bhí aige i mbua stairiúil Chorn FAI na Gaillimhe Aontaithe in 1991, tráth cinniúnach i stair spóirt na cathrach. Cinntíonn ainmniú ‘Pháirc Tommy Keane’ go mbeidh eolas ag glúnta atá le teacht ar an méid a chuir sé leis an bpeil, agus leis an spórt i gCathair na Gaillimhe ar bhonn níos leithne.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Clr Mike Cubbard; “Insíonn an dá ócáid chomórtha seo scéal cumhachtach amháin. Meabhraíonn siad dúinn go múnlaítear féiniúlacht na Gaillimhe ní hamháin de réir áite, ach de réir daoine — de réir na ndaoine a bhfágann a mbuanna, a ndíograis agus a gcruthaitheacht lorg ar an áit i bhfad i ndiaidh dóibh imeacht. Deirimid go soiléir inniu go gcuimhníonn Cathair na Gaillimhe orthu, gur daoine luachmhara iad do Chathair na Gaillimhe, agus go dtugann Cathair na Gaillimhe ómós agus onóir dá muintir féin.”
Rinneadh comhchomóradh le dhá shearmanas nochta fhoirmeálta agus ina dhiaidh sin cuireadh fáilte roimh chairde agus theaghlaigh na beirte a bhí á gcomóradh. Bhí an t-iar-Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn, atá ag tacú leis an bpeil agus na healaíona le fada an lá i gCathair na Gaillimhe, i láthair freisin.
Thaistil Brian Donnellan as Ceanada thar ceann theaghlach Arthur Colahan, mar gur bhuail sé trí sheans le Sally Griffin as an Nua-Shéalainn roinnt blianta ó shin. Ba é Arthur Colahan nia shin-seanathair Sally. Biad Sally Griffin agus Brian Donnellan a d’ainmnigh Arthur Colahan.
Bernie O’Connell a d’ainmnigh Tommy Keane.
Is cuid de chlár níos leithne Chomhairle Cathrach na Gaillimhe na cuimhneacháin seo maidir le hainmniú agus cuimhneachán cathartha, lena dtugtar aitheantas do dhaoine a léiríonn a n-éachtaí luachanna, carachtar agus oidhreacht na cathrach.