Pobal

Galway City

Deontas CAIRDE 2027

2 October 2026

Cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil tríd an deontas seo do ghrúpaí pobail, deonacha, spóirt, fiontair shóisialta agus comhlachais gnó chun tionscadail a chur i gcrích a chuirfidh feabhas ar shaol na bpobal áitiúil agus ar chaighdeán na beatha.

safety partnership members posing for photo at university of galway

An Chéad Chruinniú Reachtúil idir Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe, Ionadaithe Tofa agus Comhaltaí den Oireachtas á Thionóil

30 September 2026

Thionóil Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe (CSPÁ) a céad chruinniú reachtúil le hionadaithe tofa áitiúla agus le comhaltaí den Oireachtas Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair 2026 san Aula Maxima in Ollscoil na Gaillimhe. Tionóladh an cruinniú i gcomhréir le forálacha an Achta um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024 agus d'fhreastail baill den Chomhpháirtíocht, ionadaithe poiblí, eagraíochtaí pobail, gníomhaireachtaí reachtúla agus príomhpháirtithe leasmhara air chun cúrsaí nár mhór tús áite a thabhairt dóibh a phlé chun sábháilteacht agus folláine a fheabhsú ar fud Chathair na Gaillimhe.

staff posing for photo

Leabhrán Nua ar Theacht Aniar an Duine agus Athléimneacht Pobail Chathair na Gaillimhe Seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

30 September 2026

Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a Leabhrán nua ar Theacht Aniar an Duine agus Athléimneacht an Phobail a sheoladh, acmhainn phraiticiúil atá leagtha amach chun cabhrú le daoine aonair, le teaghlaigh agus le pobail a bheith réidh do chásanna éigeandála agus aghaidh a thabhairt orthu. Cuirtear treoir agus tacaíocht ar fáil sa leabhrán chun déileáil le réimse éigeandálaí agus tá sé dírithe ar chúnamh a thabhairt do dhaoine réitigh chiallmhara a dhéanamh roimh ré ionas go mbeidís in ann fanacht chomh neamhspleách agus is féidir le linn éigeandála nó aslonnaithe.