Tionscadail Iarfheistithe

Leanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe de bheith ag cur spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus laghdaithe carbóin 2030 chun cinn mar chuid de Phlean Gníomhaíochta an Údaráis Áitiúil ar son na hAeráide (PGÚÁA), mar chuid den aistriú chuig an bhfuinneamh inbhuanaithe amach anseo.

Climate Mitigation projects

Mar chuid de Chlár Fionnachtaithe Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, roghnaíodh Ionad Pobail Chnoc na Cathrach chun oibreacha doimhne iarfheistithe fuinnimh a dhéanamh air d’fhonn spriocanna 2030 don éifeachtúlacht fuinnimh agus laghdú carbóin a bhaint amach. Tá an t-ionad ar cheann de na 10 nÚsáideoir Shuntasacha Fuinnimh is mó as foirgnimh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Tógadh an t-ionad in 2005; ionad spórt tirim agus fóillíochta é ina bhfuil seomraí ilchuspóireacha, oifigí, áiteanna gléasta agus halla spóirt atá oscailte don phobal. Cuireadh síneadh leis in 2015.

 

Seo na cuspóirí a bhí leis an obair a rinneadh faoin gclár:

  • Laghdú 50% ar a laghad a bhaint amach ar astaíochtaí carbóin.
  • Rátáil BER a fheabhsú go leibhéal A3
  • Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a úsáid
  • An compord teirmeach agus an aerdhíonacht a fheabhsú
Cur síos ar an obair   Fuinneamh a sábháladh (kWh)
Teaschaidéal aerfhoinse a chur isteach   147,151 
Eagar griancheall 40kWp a chur isteach   tCo2e a sábháladh i dtreo sprioc 2030
Uasghrádú soilsithe LED   34.6
Uasghrádú ar ghloiniú   Costas Sábháilte / Bliain
Insliú cuasbhallaí séidte   € 18,526.00 

Seo a bhfuil bainte amach mar gheall ar an obair:

  • Laghdú 65.47% ar astaíochtaí tco2 i dtreo spriocanna 2030
  • Sábháil bhliantúil €28,499.00
  • Rátáil BER an fhoirgnimh uasghrádaithe go A3

 

Sna hoibreacha faoin gClár Fionnachtaithe a rinneadh ar Ionad Pobail Chnoc na Cathrach, tá sampla ann de mheasúnú cuimsitheach ar an bhfoirgneamh agus ar riachtanais an fhoirgnimh ó thaobh dícharbónaithe mar Úsáideoir Suntasach Fuinnimh. Mar thoradh ar bhearta ar nós uasghrádú ar an gcreatlach, córais éifeachtúla téite agus giniúint in-athnuaite fuinnimh, bhíothas in ann an foirgneamh a fhorbairt go caighdeán i bhfad níos airde ná na hoibleagáidí is ísle do 2030 chun go seasfaidh an foirgneamh an aimsir san fhadtéarma.

Heat pump 1

                                                 Teaschaidéil a chur isteach

Pre Works
LED Lighting - Pre-works

                                      Soilsiú nach raibh chomh héifeachtúil sin 

LED Upgrade - Post-works

                     Soilsiú éifeachtúil LED curtha isteach ina áit

Glazing

                                          An gloiniú le huasghrádú

Pre-insulation
Pumped wall

Insliú feirbíní séidte sna cuasbhallaí

Pre-insulation