Tithíocht Inacmhainne

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag déanamh dul chun cinn i láthair na huaire ar sholáthar na Tithíochta Inacmhainne.

Déanfar na scéimeanna ina bhfuil Tithíocht Inacmhainne ar fáil a fhógairt go poiblí ar shuíomh Gréasáin an Údaráis Áitiúil, sna nuachtáin áitiúla agus sna meáin shóisialta.

An Tobar - Tithe Inacmhainne

Tá áthas ar Cairn Homes 14 teach nua i An Tobar, Rahoon, Contae na Gaillimhe a chur ar an margadh. Tá ceithre theach 2 sheomra leapa agus deich  dtheach 3 sheomra leapa á ndíol i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe trí na socruithe le haghaidh tithe inacmhainne faoin Acht um Thithíocht Inacmhainne, 2021 agus na rialacháin a ghabhann leis.

Glacfar le hiarratais ó mheán lae (12.00) Dé Luain an 8 Lúnasa 2025 go dtí meán lae (12.00) Dé Luain an 29 MeAn Fómhair 2025. Is féidir clárú agus iarratas a dhéanamh ar an tairseach ar líne ar www.galwaycity.ie
 

AnTobarNew

Ceisteanna Coitianta

Cad í an Scéim um Cheannach Tithe Inacmhainne?

Trí leas a bhaint as an gCiste um Thithíocht Inacmhainne, cuirfimid tithe ar fáil ar phraghas laghdaithe do cheannaitheoirí atá ag iarraidh teach nuathógtha a cheannach ach ar gá dóibh an bhearna idir a morgáiste agus a éarlais a líonadh chun praghas iomlán an tí a chlúdach.

Soláthraíonn an Scéim Ceannaigh Tithe Inacmhainne rud ar a dtugtar saoráid cothromais do cheannaitheoirí. Ciallaíonn sé seo go ndéanfaidh ceannaitheoirí Comhaontú Ceannaigh Teaghaise Incheannaithe linn agus gheobhaidh siad cistí uainn mar chúiteamh ar an gComhairle úinéireacht chéatadán a ghlacadh ar an réadmhaoin a ceannaíodh. Tugtar an céatadán úinéireachta a bheidh againn i do theach sciar cothromais.

Is féidir leis an gceannaitheoir an sciar cothromais seo a fhuascailt nó a ‘cheannach amach’ ag am a roghnaíonn sé féin, ach níl aon oibleagáid air sin a dhéanamh. Má roghnaíonn an ceannaitheoir gan an sciar cothromais a fhuascailt agus é ina chónaí sa teach, is féidir leis an gComhairle é sin a dhéanamh nuair a dhíoltar, a aistrítear an réadmhaoin, nó tar éis bhás an úinéara.

Tá an Scéim um Cheannach Tithe Inacmhainne dírithe ar teaghlaigh a úsáideann a n-éarlais chomhcheangailte agus a n-uasmhorgáiste ceadaithe ach nach bhfuil in acmhainn an teach a cheannach ar a luach ar an margadh oscailte.

Is féidir tuilleadh sonraí faoin Scéim Tithíochta Inacmhainne a fháil sa rannán thíos maidir le Doiciméid Ghaolmhara.

Nuair a bheidh scéim nua á seoladh, beidh na sonraí ábhartha ar fad ar fáil ar an leathanach gréasáin seo.

Is féidir gach ceist ar Thithíocht Inacmhainne a sheoladh chuig affordablehousing@galwaycity.ie 

Cén chaoi ar féidir liom a chruthú go bhfuil sé de cheart agam cónaí sa Stát go brách?

I gcás iarratasóirí neamh-AE/LEE: 

  • Cuir isteach cóip de do Chead Cónaithe in Éirinn (IRP nó GNIB Stampa 4) ar a gcuirtear in iúl na ceadanna atá agat.  
  • Maidir le hiarratais aonair/comhiarratais ina bhfuil stádas neamh-LEE/AE ag an iarratasóir/na hiarratasóirí araon, ní mór d'iarratasóirí a bheith ina gcónaí go dleathach in Éirinn le tréimhse 5 bliana anuas; nó cead a bheith acu fanacht fada go leor le go mbeidh 5 bliana de thréimhse chónaí ináirithe acu; nó cead ar feadh tréimhse éiginnte acu fanacht sa Stát.  
  • Maidir le hiarratas ó náisiúnach neamh-LEE/AE, ar céile nó páirtí sibhialta náisiúnach de chuid AE/LEE an duine sin, féadfar an t-iarratas sin a mheas mar chuid de chomhiarratas don teaghlach sin, ar choinníoll go bhfuil cárta cónaithe bailí nó cárta buanchónaithe bailí acu chomh maith le Stampa bailí 4EUFam.  
  • Maidir le saoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe, caithfear leo mar dhaoine atá ina gcónaí go dleathach in Éirinn. (Tá sé seo ag teacht leis na ceanglais don Chomhlimistéar Taistil). 

Cén chaoi a ríomhtar cumhacht cheannaigh?

Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe an praghas ceannaigh inacmhainne a ríomh bunaithe ar “chumhacht ceannaigh” na n-iarratasóirí incháilithe. Cuireann an ríomh seo san áireamh acmhainn mhorgáiste uasta na n-iarratasóirí agus an t-íosphraghas atá socraithe ag an gComhairle don teach. Ní fhéadfaidh cumhacht ceannaigh an Iarratasóra a bheith níos mó ná 95% de luach margaidh na maoine.

Déanfar cumhacht ceannaigh na n-iarratasóirí a ríomh mar an t-iomlán comhcheangailte:

•    Acmhainn uasta morgáiste, .i. 4 huaire ollioncam teaghlaigh

•    Éarlais íosta de 10% den phraghas ceannaigh inacmhainne

•    Coigilteas ábhartha*

*Má tá coigilteas agat os cionn méid áirithe, seans nach gcáileoidh tú don scéim. Is féidir leat an t-airgead a chlúdach an éarlais ar an teach agus sa bhreis € 30,000. Cuirtear rud ar bith os cionn seo le do chumhacht ceannaigh. Agus, má théann an chumhacht ceannaigh seo os cionn 95% de luach margaidh an tí níl tú incháilithe don scéim. ás go mbeadh coigilteas breise nó airgead os cionn na héarlaise 10% móide €30,000 breise ag an iarratasóir. 

Critéir Cháilitheachta don Scéim

Le do thoil cliceáil anseo chun na critéir incháilitheachta a aimsiú.

Tá an tionscnamh seo dírithe ar cheannaitheoirí céaduaire agus ar iarratasóirí 'tús úr'. 

Tá sonraí faoi na daoine ar féidir leo cáiliú faoin ‘Prionsabal Tús Úr’ ar fáil anseo

Conas is Féidir Liom Iarratas a Dheanamh?

Tá sonraí faoi na daoine ar féidir leo cáiliú faoin ‘Prionsabal Tús Úr’ ar fáil anseo

Beidh iarratas aonair ann do gach Scéim Tithíochta Inacmhainne, .i. níl aon fhoirm iarratais ghinearálta nó liosta feithimh ann.

Nuair a chuirtear tithe inacmhainne ar fáil le ceannach, fógrófar iad sna háiteanna seo a leanas:

Suíomh idirlín Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

Leathanaigh Meáin Shóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

I nuachtán áitiúil/náisiúnta

Áireofar san fhógra sonraí faoin scéim lena n-áirítear conas agus cén uair ba cheart iarratas a dhéanamh.

Glacfar le hiarratais trí thairseach iarratais ar líne. Ar an lá a osclaíonn an tairseach iarratais, beidh ort clárú ar an tairseach ar dtús agus ansin is féidir leat leanúint ar aghaidh leis an bhfoirm iarratais ar líne a chomhlánú agus na doiciméid iarrtha a chur isteach.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go dtabharfar tosaíocht d’iarratais ar bhonn an chéad duine a thagann isteach.

Beidh nasc chuig an tairseach iarratais mar aon le liosta de na doiciméid riachtanacha ar fáil ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Déanfar measúnú ar d’iarratas, agus cinnfear an gcáilíonn tú do theaghais inacmhainne nó nach gcáilíonn. Nuair a bheidh measúnú déanta ar gach iarratas agus incháilitheacht a chinneadh, rachaidh Chomhairle  

Cathrach na Gaillimhe i dteagmháil le gach iarratasóir chun a chur in iúl ar éirigh leo agus an mbeidh tairiscint á fháil acu nó nach mbeidh, ag brath ar líon na maoine atá ar fáil. 

An gá dom ceadú morgáiste a bheith agam chun iarratas a dhéanamh?

Ní mór d'iarratasóirí litir um Cheadú Morgáiste i bPrionsabal a chur isteach óna n-iasachtóir beartaithe ina ndeimhnítear an morgáiste uasta atá ar fáil don iarratasóir agus iarratas á dhéanamh acu ar thithíocht inacmhainne. 

Is féidir le ceannaitheoirí morgáiste a úsáid ó aon institiúid iasachta phríobháideach fhaofa, amhail Banc na hÉireann, Permanent TSB, AIB agus a fhochuideachtaí Haven, agus Comhar Creidmheasa Pobail Teo. 

De rogha air sin, is féidir airgead a fháil trí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe trí Iasacht Tí ó Údarás Áitiúil. Téigh chuig Iarratas a dhéanamh ar Iasacht Tí ó Údarás Áitiúil | Comhairle Cathrach na Gaillimhe le haghaidh tuilleadh eolais.  

 

Doiciméadúchán Riachtanach

Le do thoil cliceáil anseo chun liosta na ndoiciméad riachtanach le haghaidh iarratais ar Scéimeanna Ceannaigh Inacmhainne a fháil

  

Cad iad na cineálacha comhaid a nglacfar leo ar an tairseach iarratais?

Glacfar leis na comhaid íomhá seo a leanas ar an tairseach: 

  • PDF,  
  • JPEG,  
  • PNG.   

Ní ghlactar le cáipéisí ar féidir eagarthóireacht a dhéanamh orthu amhail Word (.doc), nó Excel (.xls).

An féidir liom leas a bhaint as an Scéim um Chúnamh chun Ceannaigh?

Tugann an Scéim um Chúnamh chun Ceannaigh (CCC) cúnamh do cheannaitheoirí céaduaire teach nó árasán nuathógtha a cheannach. Is féidir leat é a fháil freisin le haghaidh árais chónaithe féintógála aon uaire. Ní bhaineann sé ach le réadmhaoin a chosnaíonn €500,000 nó níos lú.  

Tugann an Scéim um Chúnamh chun Ceannaigh aisíocaíocht ar an gcáin ioncaim agus ar an gCáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT) a d'íoc tú in Éirinn ar feadh na 4 bliana roimh an mbliain a ndéanann tú iarratas.  

Méadaíodh an Scéim CCC i mí Iúil 2020. Tugtar an Scéim Feabhsaithe um Chúnamh chun Ceannaigh ar an méadú seo. Beidh an Scéim Feabhsaithe um Chúnamh chun Ceannaigh ar fáil go dtí 31 Nollaig 2025. Leasaíodh an scéim freisin chun ligean d'iarratasóirí a úsáideann Scéim Ceannaigh Inacmhainne na nÚdarás Áitiúil a n-áras cónaithe a cheannach chun cáiliú don Scéim um Chúnamh chun Ceannaigh.  

An bhfuil mé i dteideal CCC a fháil?  

 

Ní mór duit a bheith i do cheannaitheoir céaduaire a cheannaíonn nó a thógann réadmhaoin chónaithe nua iad féin  

        idir 1 Eanáir 2017 agus 31 Nollaig 2025.    

Ní mór duit morgáiste a thógáil amach le hiasachtóir cáilithe. Ní mór don mhorgáiste a bheith  

        ar a laghad 70% de luach ceannaigh na réadmhaoine má tá  

        teach nuathógtha á cheannach agat. Má cheannaíonn tú faoin Scéim Ceannaigh Inacmhainne, ní mór do mhorgáiste agus  

        gnáthscair na Comhairle le chéile a bheith ar a laghad 70%.  

Ní bheidh tú i dteideal CCC a fháil má cheannaigh tú teach roimhe seo nó mura bhfuil morgáiste agat.

  • You Ní mór duit a bheith i do cheannaitheoir céaduaire a cheannaíonn nó a thógann réadmhaoin chónaithe nua iad féin  

        idir 1 Eanáir 2017 agus 31 Nollaig 2025  

  • Ní mór duit morgáiste a thógáil amach le hiasachtóir cáilithe. Ní mór don mhorgáiste a bheith  

              ar a laghad 70% de luach ceannaigh na réadmhaoine má tá má tá are buying a newly built  

              home. Iteach nuathógtha á cheannach agat. Má cheannaíonn tú faoin Scéim Ceannaigh Inacmhainne, ní mór do mhorgáiste agus  

              gnáthscair na Comhairle le chéile a bheith ar a laghad 70%.

  • Ní bheidh tú i dteideal CCC a fháil má cheannaigh tú teach roimhe seo nó mura bhfuil morgáiste agat.

Cé mhéad is féidir liom a éileamh?

Is é €30,000 an tsuim reatha atá ar fáil agus beidh sé seo i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2025. Má shíníonn tú conradh le haghaidh teach nua, nó má tharraingíonn tú anuas ar mhorgáiste féintógála roimh 31 Nollaig 2025, féadtar faoiseamh a éileamh ar an gceann is lú díobh seo a leanas: 

  • €30,000  
  • 10% de luach margaidh réadmhaoine nuathógtha  
  • 10% den luacháil fhaofa ar réadmhaoin fhéintógála  
  • An méid cáin ioncaim agus DIRT a d'íoc tú do na 4 bliana sula ndéanann tú iarratas. (Ní féidir faoiseamh a éileamh ar ÁSPC ná ar MSU).

 

Is í an íocaíocht uasta ná €30,000 in aghaidh na réadmhaoine cáilithe faoin scéim fheabhsaithe. Tá feidhm ag an uasteorainn seo beag beann ar líon na ndaoine atá páirteach i gceannach na réadmaoine.

Céard a theastódh a bheith ar eolas agam?  

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi do scéimeanna morgáiste agus cothromais chomhroinnte, faoina gcáilíonn d’áras cónaithe nua le haghaidh CCC nó nach gcáilíonn, faoi riachtanais chánach agus faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh, féach ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim ag https://www.revenue.ie/en/property/help-to-buy-incentive/index.aspx  

Cén chaoi a ríomhtar an luach ceannaigh inacmhainne?

Socróidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe, de réir na Rialachán maidir le Tithíocht Inacmhainne, íosphraghas ag ar féidir an réadmhaoin inacmhainne a dhíol.  

Braithfidh an luach ceannaigh inacmhainne a bheidh le híoc ag iarratasóir ar chumhacht cheannaigh an iarratasóra sin agus ar a gcumas an t-airgead cuí a bhailiú.

Cén chaoi a ndéantar cinneadh i ndail le m'iarratas?

Is í Comhairle Cathrach na Gaillimhe a dhéanann an cinneadh ar d'iarratas de réir na gcritéar incháilitheachta agus Scéim Tosaíochta na Comhairle.  Leithdháilfear árais chónaithe ar bhonn thús freastail ar na hiarratais incháilithe is túisce a fhaightear. 

Céard í an Scéim Tosaíochta?

Cheadaigh Comhaltaí Tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Scéim Tosaíochta ar an 09 Deireadh Fómhair 2023. Leagtar amach sa Scéim Tosaíochta modheolaíocht atá le cur i bhfeidhm chun an t-ord tosaíochta a thugtar do theaghlaigh incháilithe a chinneadh i gcás ina sáraíonn an t-éileamh ar shocruithe den sórt sin na háitribh nó na hacmhainní atá ar fáil.  

Is iad seo a leanas na príomhphointí:  

  • Caithfidh an réadmhaoin a bheith oiriúnach do riachtanais do theaghlaigh.  
  • I gcás 100% de na háitribh, beidh dáta agus am an iarratais ar cheann de na critéir ar a dtabharfar tosaíocht d'iarratais incháilithe faoi Scéim Tosaíochta na Comhairle m.sh., leithdháilfear réadmhaoin ar bhonn thús freastail ar na hiarratais incháilithe is túisce a fhaightear.  
  • I gcás 30% de na háitribh, tabharfar tosaíocht d'iarratasóirí incháilithe bunaithe ar aon duine atá ina gcónaí nó ag obair ag seoladh reatha i gceantair Chathrach Chathair na Gaillimhe agus/nó laistigh de raon 15km de theorainn Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Nasc chuig an léarscáil thíos: 

    https://galwaycityco.maps.arcgis.com/apps/webappviewer/index.html?id=2b7d2385de7841baa2fd0a66ba24f013

 

 

Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

Scéim Tosaíochta do Shocruithe Ceannaigh Áitribh Inacmhainne  

 

Intreoir:  

 

Mar a ghlac Comhairle Contae na Gaillimhe leis an ____09 Deireadh Fómhair 2023 

 

Is é cuspóir na Scéime Tosaíochta seo an bealach a leagan amach ina gcuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe (an Chomhairle) socruithe ceannaigh áitribh inacmhainne ar fáil agus an mhodheolaíocht a chuirfear i bhfeidhm chun an t-ord tosaíochta a chinneadh a thabharfar do theaghlaigh incháilithe i gcás inar mó an t-éileamh ar shocruithe den sórt sin ná líon na n-áitreamh atá ar fáil.  

Leagtar amach sa reachtaíocht ceanglas maidir le Scéim Tosaíochta a bhunú trína gcuireann Údaráis Áitiúla socruithe ceannaigh áitribh inacmhainne ar fáil. 

Déantar an Scéim Tosaíochta seo faoi Alt 11 den Acht um Thithíocht Inacmhainne, 2021 (Uimh. 25 de 2021), agus tá sí de réir na Rialachán um Thithíocht Inacmhainne (Uimh. 2), 2023 (I.R. Uimh. 21 de 2023).  

 

Déanfar incháilitheacht teaghlach a mheasúnú de réir Alt 10 den Acht um Thithíocht Inacmhainne, 2021 (Uimh. 25 de 2021), agus na Rialachán um Thithíocht Inacmhainne, 2023 (I.R. Uimh. 20 de 2023).  

 

Chun críche na Scéime Tosaíochta seo, áiríonn an míniú ar "Áitreabh": aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a áitítear nó a bheartaítear a áitiú mar ghnátháit chónaithe agus áiríonn sé aon fhotheach, clós, gairdín nó talamh eile agus aon éasúintí, cearta agus pribhléidí a chomhghabhann leis nó a theachtar de ghnáth ina theannta agus áiríonn sé teach, árasán nó teaghasán.  

(Alt 4 den Acht um Thithíocht Inacmhainne, 2021) 

 

 

Cuid 1: An bealach ina gcuirfear Áitreabh Inacmhainne ar fáil  

 

  1. Sa chás go bhfuil sé beartaithe ag an gComhairle áitribh a chur ar fáil nó soláthar áitreabh in áit nó in áiteanna ar leith a éascú lena ndíol le hiarratasóirí incháilithe faoi shocruithe ceannaigh áitribh inacmhainne, de réir an Achta, déanfaidh sí an méid seo a leanas:  

 

1.1. Na teorainneacha ioncaim ábhartha a ríomh, de réir na reachtaíochta ábhartha, chun incháilitheacht teaghlaigh a chinneadh do gach cineál áitribh a chuirfear ar fáil.  

1.2. Roimh an dáta a bhfuil sé beartaithe na háitribh ar leith a chur i gcrích, fógróidh an Chomhairle go bhfuil na háitribh ar fáil i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear laistigh den limistéar riaracháin agus ar shuíomh gréasáin na Comhairle .  

 

1.3. Áireofar an méid seo a leanas san eolas a chuirfear ar fáil san fhógra: 

 

  1. suíomh/suíomhanna, uimhreacha agus sonraí an chineáil áitribh/na gcineálacha áitreabh atá le cur ar fáil;  

 

  1. nach mbeidh an t-áitreabh ar fáil go ginearálta ach do cheannaitheoirí céaduaire, cé is moite d’eisceachtaí áirithe; 

 

  1. go ndíolfar áitribh ar phraghas atá níos ísle ná an luach margaidh, an praghas sin le cinneadh de réir ioncam an cheannaitheora, agus go nglacfaidh an Chomhairle gnáthscair chéatadáin san áitreabh, cothrom leis an difríocht idir luach margaidh an áitribh agus an praghas a d'íoc an ceannaitheoir, léirithe mar chéatadán de luach margaidh an áitribh; 

 

  1. go bhféadfaidh an ceannaitheoir gnáthscair na Comhairle a fhuascailt ina dhiaidh sin trí íocaíochtaí a dhéanamh leis an gComhairle. Beidh feidhm ag méideanna íosta aisíocaíochta, de réir Alt 16 (1) den Acht agus Rialachán 7 de Rialacháin um Thithíocht Inacmhainne (Uimh. 2), 2022.  

 

  1. go gcuirfear áitribh ar fáil d'iarratasóirí incháilithe de réir scéim tosaíochta na Comhairle; beidh dáta agus am an iarratais ar cheann de na critéir ar a dtabharfar tús áite d'iarratais incháilithe. Cuirfear an pobal ar an eolas faoin áit ar féidir an scéim a fháil. 

 

  1. na híosphraghsanna atá le híoc ag ceannaitheoirí incháilithe d’áitribh agus na gnáth-theorainneacha ollioncaim le haghaidh incháilitheachta do gach cineál áitribh;  

 

1.3.7. an bealach inar féidir iarratas a dhéanamh, lena n-áirítear an áit ar féidir an fhoirm iarratais agus tuilleadh sonraí a fháil, an dáta óna nglacfaidh an Chomhairle le hiarratais agus doiciméid a theastaíonn chun dul leis an bhfoirm iarratais. Luafar an dáta deiridh a nglacfar leis na hiarratais sin. 

 

  1. Ní bhreithneofar iarratais ach amháin le haghaidh na n-áitreabh is ábhar don fhógra. Ní mór do theaghlach iarratas ar leith a chur isteach le haghaidh gach fógra sa chás gur mian leis go mbreithneofaí é le haghaidh na réadmaoine san fhógra.  

 

 Cuid 2: Ord Tosaíochta d'Iarratasóirí Incháilithe  

 

  1. I gcásanna inar mó líon na n-iarratasóirí incháilithe ná líon na dtithe atá ar fáil lena gceannach, úsáidfear an Scéim Tosaíochta seo chun ord tosaíochta gach iarratasóra a chinneadh. 

 

  1. Sannfar ord iarratais d'iarratais a fhaightear roimh an dáta deiridh. Maidir le hiarratais gur dócha go gcomhlíonann siad na critéir incháilitheachta, ar bhonn na faisnéise a chuireann an teaghlach is iarratasóir, measfar iad a bheith incháilithe chun an scéim tosaíochtaí seo a chur i bhfeidhm, de réir na Rialachán um Thithíocht Inacmhainne (Uimh. 2), 2023 (I.R. Uimh. 21 de 2023), faoi réir deimhniú níos déanaí trí fhianaise dhoiciméadach a thabhairt ar aird i ndáil le hincháilitheacht.  

 

  1. Déanfaidh an Chomhairle cinneadh ansin cé acu de na cineálacha áitribh atá ar fáil a d'fhreastalódh go sásúil ar riachtanais tithíochta na dteaghlach atá ag cur isteach ar áitreabh. D'fhéadfaí a mheas go bhfreastalaíonn níos mó ná cineál amháin áitribh go sásúil ar riachtanais áitribh teaghlaigh ar leith, ionas gur féidir tosaíocht a thabhairt do theaghlach is iarratasóir do níos mó ná cineál amháin áitribh nuair a léirigh siad an spéis sin ina bhfoirm iarratais.  

 

5.1. I gcás inar mó líon na n-iarratasóirí incháilithe ná líon na n-áitreabh inacmhainne ar glacadh le hiarratais ina leith, sannfar an tosaíocht a meastar go bhfreastalaíonn an cineál áitribh go sásúil ar riachtanais áitribh teaghlaigh ina leith ar an mbonn seo a leanas:  

 

 

Cineál Áitribh 

Freastalaíonn ar riachtanais áitribh 

Áitreabh ina bhfuil trí sheomra leapa 

Teaghlaigh de bheirt ar a laghad  

 Áitreabh ina bhfuil ceithre sheomra leapa 

Teaghlaigh de thriúr ar a laghad 

 

5.2. I gcás 70% de na háitribh, tar éis na critéir i Roinn 5.1 a chur i bhfeidhm, i gcás inar mó fós líon na n-iarratas incháilithe ná líon na n-áitreamh a ndearnadh iarratais ina leith, tabharfar tosaíocht do na hiarratasóirí incháilithe de réir an dáta agus an ama a bhfuarthas a n-iarratais.  

 

5.3 Maidir le cineálacha áitribh eile nach bhforáiltear dóibh faoin gcritéar i Roinn 5.1, i gcás inar mó líon na n-iarratasóirí incháilithe ná líon na n-áitreamh a ndearnadh iarratais ina leith, tabharfar tosaíocht do na hiarratasóirí incháilithe de réir an dáta agus an ama a bhfuarthas a n-iarratais, ar choinníoll go bhfreastalaíonn na cineálacha áitribh eile sin go sásúil ar riachtanais tithíochta na dteaghlach is iarratasóir. 

 

  1. Ina theannta sin, i gcás 30% de na háitribh, is ábhar d'iarratais ar glacadh leo faoi Rialacháin 5(1) 5(2) de Rialacháin um Thithíocht Inacmhainne (Uimh. 2), 2023 (I.R. Uimh. 21 de 2023), tabharfaidh an Chomhairle tosaíocht do theaghlaigh san ord seo a leanas: 

6.1 I gcás inar mó líon na n-iarratasóirí ná líon na n-áitreamh incheannaithe atá le díol, tabharfaidh an Chomhairle, i ndáil le haon chineál áirithe áitribh, tosaíocht do theaghlaigh a ndéanfaí freastal sásúil ar a riachtanais áitribh de réir an chineáil áitribh atá i gceist de réir alt 5.1 thuas. 

 

6.2 Más rud é, tar éis tosaíocht a thabhairt d'iarratasóirí bunaithe ar mhéid an teaghlaigh de réir alt 5.1 thuas, go bhfuil líon na n-iarratasóirí tosaíochta fós níos mó ná líon na n-áitreabh inacmhainne atá le díol, tabharfaidh an Chomhairle tosaíocht bhreise do theaghlaigh mar seo a leanas; 

 

6.2.1 Tabharfar tosaíocht do theaghlaigh incháilithe a chónaíonn nó a oibríonn ag seoladh reatha i limistéar Cathrach Chathair na Gaillimhe agus/nó laistigh de raon 15km ó theorainn Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Nasc ceangailte.  

https://galwaycityco.maps.arcgis.com/apps/webappviewer/index.html?id=2b7d2385de7841baa2fd0a66ba24f013 

6.2.2 Nuair a bheidh na critéir i Roinn 5.1 agus Roinn 6.2.1 curtha i bhfeidhm, i gcás inar mó fós líon na n-iarratas incháilithe ná líon na n-áitreamh a ndearnadh iarratais ina leith, tabharfar tosaíocht do na hiarratasóirí incháilithe de réir an dáta agus an ama a bhfuarthas a n-iarratais. 

 

7.  Chomh maith le fianaise a chur isteach maidir le critéir incháilitheachta teaghlaigh, is féidir doiciméid bhreise a iarraidh ar iarratasóirí chun a n-áit san ord tosaíochta a mheas faoi na critéir atá leagtha amach faoin Scéim Tosaíochta seo. Déanfar an t-iarratas seo agus comhlíonfar é sula dtairgfear Socrú Ceannaigh Áitribh Inacmhainne.