Tuarascáil Chríochnaitheach na Straitéise Chomhtháite Uirbeach Limistéar Iarthair Lár Chathair na Gaillimhe
Eolas faoin tionscadal
Beidh an Straitéis don Chomhtháthú Uirbeach i Limistéar Thiar lár Chathair na Gaillimhe mar threoirphlean leis an timpeallacht a mhúnlú agus mar threoir chun foirgnimh stairiúla agus spásanna uirbeacha a athbheochan agus a athchóiriú. Straitéis á treorú ag an bhfís agus dírithe ar thorthaí a bheidh inti.
Tuarascáil Chríochnaitheach na Straitéise Chomhtháite Uirbeach Limistéar Iarthair Lár Chathair na Gaillimhe
Leagann Straitéis Chomhtháite Uirbeach Limistéar Iarthair Lár Chathair na Gaillimhe fís chomhroinnte amach do thodhchaí chomharsanachtaí Shráid Dhomhnaill agus an West End
Teagmháil leis an bhfoireann
Email the project team, Peter, Catherine or Helen at:
Is féidir teachtaireacht ríomhphoist a chur chuig Peter, Catherine nó Helen ar fhoireann an tionscadail ar:
thewestIUS@galwaycity.ie
nó glaoch orthu ar :
091 354101.
Thrive Ag Charnabhal Aeráide
Gabhtar buíochas ó chroí le gach duine a bhí linn ar feadh an tSathairn i bPáirc an Athar de Búrca nuair a rinne Allies and Morrison cur i láthair ar an Straitéis don Chomhtháthú Uirbeach do Cheantar Thiar Chathair na Gaillimhe.
Téamaí móra atáimid ag iarraidh a chíoradh libh:
Comharsanacht bhríomhar faoi leith é an Limistéar Thiar i gCathair na Gaillimhe. Tá an-stair ag baint leis an áit, atá suite díreach ar an taobh eile de bhunbhallaí na cathrach agus scartha ag Abhainn na Gaillimhe le lár na cathrach. Croílár tionsclaíochta a bhí ann tráth agus bhí rath agus bláth ar an áit mar ionad trádála nuair a osclaíodh an chanáil sa bliain 1852. Tá an áit faoi bhláth fós sa lá atá inniu ann agus pobal láidir gníomhach gnó ann.
Tréith faoi leith a bhaineann leis an gcuid seo den chathair ná an líonra uiscebhealaí atá ann, taobh le sraitheanna deasa tithe agus meascán bríomhar de shiopaí, tithe tábhairne, caiféanna
18 September 2025
Díríonn AG OIBRIÚ SIAR, AG BOGADH AR AGHAIDH ar an acmhainn stairiúil seo, ag tabhairt daoine mór le rá ón dearadh uirbeach, ailtireacht, agus caomhnú le chéile le haghaidh imeacht lae atá dírithe ar athúsáid agus caomhnú oiriúnaitheach foirgneamh/áiteanna stairiúla.
17 September 2025
Gabhtar buíochas ó chroí le gach duine a bhí linn ar feadh an tSathairn i bPáirc an Athar de Búrca nuair a rinne Allies and Morrison cur i láthair ar an Straitéis don Chomhtháthú Uirbeach do Cheantar Thiar Chathair na Gaillimhe. Cuireadh an ócáid ar bun mar chuid de Charnabhal Aeráide na bliana seo ar éirigh thar barr leis.l.