Nuacht

Busy street with Irish flags

Ollchóiriú ar Mhaoiniú á Lorg ag Cathair na Gaillimhe d’fhonn a Ról mar Thiománaí Eacnamaíoch Réigiúnach a Léiriú

15 April 2026

D’iarr Comhaltaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an tseachtain seo ar an Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar an tsamhail mhaoinithe atá as dáta d’údaráis áitiúla, chun na bearnaí suntasacha i soláthar seirbhísí agus i mbonneagar poiblí ar fud Limistéar Cathrach na Gaillimhe a laghdú. Faoin tsamhail mhaoinithe reatha, rangaítear Cathair na Gaillimhe faoi bhun gach údarás áitiúil eile, idir uirbeach agus tuaithe, in Éirinn – ainneoin gurb í an chathair an lárionad uirbeach is mó i réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair, príomhthiománaí fáis eacnamaíoch sa réigiún agus rannchuiditheoir suntasach le GDP náisiúnta. Leag comhaltaí béim ar an ngéarghá atá ann an stádas seo a athscrúdú, agus d’iarr siad go dtabharfaí isteach Cáin Turasóireachta phíolótach, ar nós cathracha agus réigiúin eile san Eoraip, chun easnaimh mhaoinithe a réiteach.

3 logos

N6 Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe

9 April 2026

Cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) fáilte roimh chinneadh an Choimisiúin Pleanála cead a dheonú do Chuarbhóthar Chathair na Gaillimhe (N6 GCRR) an N6.

4 people holding cardboard cut outs of the UN sustainable development goals

Torthaí ‘Staidéar ar Bhruscar ar mhaithe le Bóthar na Trá níos glaine’ foilsithe ag CuriOcean

2 April 2026

Tá torthaí staidéir phoiblí chuimsithigh dar teideal “Staidéar ar Bhruscar ar mhaithe le Bóthar na Trá níos glaine” a rinne an comhlacht neamhrialtais caomhnaithe mara CuriOcean i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe foilsithe. Foilsíodh an staidéar in óstán Galway Bay Dé hAoine an 27 Márta. Tugtar léargas sa staidéar a fuair maoiniú ón gComhairle Cathrach agus a cuireadh i gcrích i lár an tsamhraidh in 2025, ar thuiscint an phobail ar bhruscar i mBóthar na Trá agus bailíodh réitigh nuálacha pobalbhunaithe chun áilleacht nádúrtha an cheantair a chaomhnú.