Nuacht

Winners

Oibrithe Deonacha á gCeiliúradh ag Searmanas Bronnta Mhéara Chathair na Gaillimhe

2 May 2025

Fógraíodh buaiteoirí Ghradaim Mhéara Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Ag labhairt dó ag searmanas bronnta in Óstán Chuan na Gaillimhe, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane gur díol mórtais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe onóir a thabhairt agus ceiliúradh a dhéanamh ar na daoine a chuireann a gcuid scileanna agus tuiscint ar fáil gan bheith ag súil le rud ar bith ar ais, agus a bhíonn ina n-eiseamláirí dúinn go léir.

Local Economic and Community Development Implementation Plan 2024-2025

Glao ar Thograí Comhpháirtíochta:: Tionscnamh um Chathair Nuálach (2025)

1 May 2025

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag lorg léirithe spéise ó eagraíochtaí cáilithe a bhfuil taithí acu i gCathair na Gaillimhe chun tionscadail chomhoibritheacha a chomhfhorbairt agus a chur i gcrích a chuireann nuálaíocht, cruthaitheacht agus forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe chun cinn.

Bealtaine 25

Ceiliúradh ar Bhealtaine 2025 i gCathair na Gaillimhe: Féile faoin gCruthaitheacht, Ceangal agus Pobal do Dhaoine níos Sine

25 April 2025

Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a bheith ag tacú le Feile na Bealtaine 2025, ceiliúradh náisiúnta na hÉireann ar na healaíona agus ar an gcruthaitheacht agus muid ag dul in aois. Beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag reáchtáil réimse d’imeachtaí agus gníomhaíochtaí spreagthacha agus rannpháirtíochta i gcaitheamh mhí na Bealtaine ar fud na cathrach.

Taispeáin íomhá ainm agus dáta an imeachta

Clinic Caomhantais Chathair na Gaillimhe

23 April 2025

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar leis an tSeirbhís Náisiúnta Oidhreachta Tógtha, ag reáchtáil Clinic Caomhantais ina gcuirfear comhairliúcháin saor in aisce ar fáil le hAiltire Caomhantais Grád 2 de chuid na hInstitiúide Ríoga Ailtirí na hÉireann.

Latin Quarter and GCC Reps

Tacaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an Cheathrú Laidineach le Beocht agus le hInmhaireachtáil Leanúnach Chroílár na Miondíola i nGaillimh

23 April 2025

D'fhreastail Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Leonard Cleary, agus baill foirne ón rannóg Forbartha Eacnamaíochta/Turasóireachta ar Chruinniú Cinn Bhliana Chomhlachais Ghnó na Ceathrún Laidiní an tseachtain seo caite (Déardaoin an 17 Aibreán 2025), chun deiseanna comhoibrithe agus fáis a phlé sa gcuid bhríomhar dhinimiciúil seo de lár chathair na Gaillimhe.