Nuacht

staff and developers at the breakfast briefing

Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an ngearrliosta do thrí Ghradam Tithíochta Uile-Éireann 2026

11 February 2026

Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a bheith ar an ngearrliosta i dtrí chatagóir ag na Gradaim Tithíochta Uile-Éireann 2026. Is iad na tionscadail ar an ngearrliosta ná Bóithrín na Saoirse - Scéim Tithíochta don Lucht Siúil sa Chatagóir ‘An Fhorbraíocht Tithíochta is Fearr’; Cumarsáid Tithíochta Inacmhainne sa Chatagóir ‘Barrfheabhas sa Chumarsáid’; agus Seisiún Eolais Bricfeasta d’Fhorbróirí sa chatagóir ‘Ag Obair i gComhpháirt’.

Delegations posing for photo together in office room.

Cuairt Staidéir Eorpach NITIES ó óstáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoin gClár ‘Interreg Europe’

10 February 2026

Chuir Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, fáilte roimh thoscaireacht Eorpach go Cathair na Gaillimhe an tseachtain seo caite an 3-4 Feabhra 2026, mar chuid de NITIES — Straitéisí maidir leis an nGeilleagar Oíche: Cur chuige Idir-Réigiúnach - ar tionscadal é de chuid Interreg Europe atá maoinithe ag an AE lena dtacaítear le cathracha geilleagair oíche inbhuanaithe, ionchuimsitheacha agus dea- bhainistithe a fhorbairt.

GCC Staff and Mayor standing at the Claddagh Basin holding up the Galway City Council Logo. The long walk is behind them.

Dáta Oscailte d'Ainmniúchán Ghradaim an Mhéara 2026 Fógraithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

10 February 2026

Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go nglacfar le hiarratais do Ghradaim Bhliantúla an Mhéara 2026 ar Dé Luain 16 Feabhra. Beidh searmanas na bliana seo ar siúl Dé Céadaoin 29 Aibreán, mar aitheantas ar bhliain eile den scoth d’obair dheonach. Déanann na gradaim seo ceiliúradh ar an tionchar suntasach a bhíonn ag daoine ar leith, pobail agus grúpaí deonacha ar fud Chathair na Gaillimhe.

BCNC

Cuireadh do Ghrúpaí Áitiúla: Ionad Tacaíochta Pobail a chur ar bun

6 February 2026

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh d’eagraíochtaí pobail, do chlubanna spóirt agus do ghrúpaí deonacha a spéis a chlárú Ionaid Tacaíochta Pobail (CSCanna) a chur ar bun. Cuireann na hionaid seo tacaíochtaí leasa bunúsacha ar fáil - cosúil le háiseanna luchtaithe gutháin, Wi Fi, sólaistí, agus áiseanna sláinteachais - le linn tarluithe adhaimsire nó gearradh cumhachta fada.