Nuacht

LCSP Meeting

Aird Níos Mó Dírithe ar Chosc agus ar Shábháilteacht Pobail ag Cruinniú LCSP Chathair na Gaillimhe Dé Céadaoin an 21 Eanáir 2026.

26 January 2026

Bhí cruinniú reachtúil Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Chathair na Gaillimhe ar siúl ar Dé Céadaoin 21 Eanáir in oifigí Chomhlachas Tráchtála na Gaillimhe, agus d’fhreastail baill ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, an Garda Síochána, FSS, Tusla, eagraíochtaí pobail agus cónaitheoirí áitiúla air. Tháinig comhaltaí le chéile chun príomhghníomhartha a bhaineann le sábháilteacht pobail, tionscnaimh choisctheacha, agus riachtanais phleanála reachtúla atá le teacht a chur chun cinn.