Pleanáil

Creatphlean Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le tacaíocht ó Allies and Morrison, speisialtóirí i nDearadh Uirbeach agus i gcúrsaí Rannpháirtíochta, ag seoladh tionscadal iontach chun tosaíochtaí áitiúla a fhiosrú d’fhonn cabhrú le todhchaí Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá a mhúnlú. 

Le linn 2025, beidh foireann an tionscadail ag dul timpeall Bhóthar na Trá agus teagmháil á déanamh acu le grúpaí áitiúla pobail, gnó agus fóillíochta. Is deis é seo do dhaoine a gcuid tuairimí a roinnt faoi na rudaí a thaitníonn go mór leo i mBóthar na Trá agus faoi na feabhsuithe a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm sa cheantar. 

Grafaic na comhdhála

Le Feiceáil, Le Meas, Le Cúram, - 3ú Cruinniú Bliantúil um Chaomhnú Ailtireachta Chathair na Gaillimhe

14 September 2026

Bí linn ag 3ú Cruinniú Bliantúil um Chaomhnú Ailtireachta Chathair na Gaillimhe, Le Feiceáil, Le Meas, Le Cúram, trína dtugtar na daoine is mó tionchair i réimse an dearaidh uirbigh, na hailtireachta, an chaomhnaithe agus an taighde le chéile d’imeacht lae atá dírithe ar an gcéim ríthábhachtach a bhaineann le tuiscint a fháil ar fhoirgneamh nó ar áit.