Nuacht

PAW Irish

Seachtain um Aosú Dearfach 2025

15 May 2025

Deis chun léargas a thabhairt ar dhearfacht daoine scothaosta
Táimid ag féachaint le béim a chur ar na rudaí tairbheacha uilig a dhéanann daoine scothaosta dár saol agus dár bpobail.

Chief Fire Officers Conference attendees trying on fire helmets

Fáilte curtha ag Cathair na Gaillimhe roimh níos mó ná 400 Toscaire chuig Comhdháil na bPríomhoifigeach Dóiteáin 2025

13 May 2025

Chuir Cathair na Gaillimhe fáilte roimh bhreis agus 400 toscaire agus 150 taispeántóir chuig an 66ú Comhdháil Bhliantúil de chuid Chumann Príomhoifigeach Dóiteáin na hÉireann (ICFOA) in Óstán Bhóthar na Trá an tseachtain seo caite (7-8 Bealtaine 2025).
Chuir an Clr Peter Keane, Méara Chathair na Gaillimhe, agus Martina Kinane, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe roimh thoscairí na Comhdhála, agus thug Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Uinsinn Finn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe óráidí ina dhiaidh sin.

Group outside St Nicholas Collegiate Church

€250K bronnta ar Thionscadail Chathair na Gaillimhe faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail

12 May 2025

Tá fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh dheontas €250K do dhá thionscnamh i gCathair na Gaillimhe, mar chuid de ‘Chiste na Séadchomharthaí Pobail’ ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a fógraíodh níos luaithe an mhí seo. Déanfar ciste ar luach €130,000 a infheistiú i gCaisleán Mhionlaigh, agus déanfar €120,000 a infheistiú in Eaglais Choláisteach San Nioclás.
Úsáidfear an maoiniú seo do dheisiúcháin agus d’oibreacha caipitiúla riachtanacha le haghaidh caomhantais agus deisiúcháin ag an dá struchtúr.