Straitéis don Chomhtháthú Uirbeach i Limistéar Thiar lár Chathair na Gaillimhe

Téamaí móra atáimid ag iarraidh a chíoradh libh:

Comharsanacht bhríomhar faoi leith é an Limistéar Thiar i gCathair na Gaillimhe. Tá an-stair ag baint leis an áit, atá suite díreach ar an taobh eile de bhunbhallaí na cathrach agus scartha ag Abhainn na Gaillimhe le lár na cathrach. Croílár tionsclaíochta a bhí ann tráth agus bhí rath agus bláth ar an áit mar ionad trádála nuair a osclaíodh an chanáil sa bliain 1852. Tá an áit faoi bhláth fós sa lá atá inniu ann agus pobal láidir gníomhach gnó ann.
Tréith faoi leith a bhaineann leis an gcuid seo den chathair ná an líonra uiscebhealaí atá ann, taobh le sraitheanna deasa tithe agus meascán bríomhar de shiopaí, tithe tábhairne, caiféanna 

ThriveKeyThemes
ThriveCarnivalTop

Thrive Ag Charnabhal Aeráide

17 September 2025

Gabhtar buíochas ó chroí le gach duine a bhí linn ar feadh an tSathairn i bPáirc an Athar de Búrca nuair a rinne Allies and Morrison cur i láthair ar an Straitéis don Chomhtháthú Uirbeach do Cheantar Thiar Chathair na Gaillimhe. Cuireadh an ócáid ar bun mar chuid de Charnabhal Aeráide na bliana seo ar éirigh thar barr leis.l.

AG OIBRIÚ SIAR, AG BOGADH AR AGHAIDH

AG OIBRIÚ SIAR, AG BOGADH AR AGHAIDH

8 August 2025

Bígí linn le guthanna ceannródaíocha ó dhearadh uirbeach, ailtireacht agus caomhnú le haghaidh imeacht lae ar fad a dhíríonn ar athúsáid oiriúnaitheach agus caomhnú foirgneamh/áiteanna stairiúla ag Oibriú Siar, ag Bogadh ar Aghaidh.