Nuacht

Road Closure

DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Cinnidh - Cathair na Gaillimhe (Páráid Mhacnas)

15 October 2026

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:

Cathair na Gaillimhe (Páráid Mhacnas): Ó Bhóthar na hOllscoile go Bóthar na Díge, Ascaill Bhréanainn, Sráid Proinsias, Sráid Eglinton, Sráid Gheata Liam, Tuaisceart na Faiche Móire, Sráid na Lombardach, Sráid an Gheata Bhig, Sráid Mhuire, Baile Nua Mhic Gabhann, Sráid an Droichid, Droichead Uí Bhriain, Sráid Dhoiminic Íochtarach, Bóthar Chnoc an Dalláin Uachtarach, Bóthar an Athar Uí Ghríofa

Panel at conference

Cruinníonn ceannairí áitiúla le chéile in Éirinn agus éilítear bearta a neartódh ról na réigiún muirí maidir le hacmhainn iomaíochta na hEorpa.

7 October 2026

Tháinig Coimisiún Choiste Eorpach na Réigiún (CoR) maidir leis an mBeartas Eacnamaíochta (ECON) le chéile an 6 agus 7 Deireadh Fómhair chun plé a dhéanamh ar an ról lárnach atá ag réigiúin na hEorpa maidir leis an acmhainn iomaíochta agus seasmhachta a neartú nuair atá cúrsaí eacnamaíochta an domhain faoi athrú, le béim ar an tábhacht atá le gnóthais, infheistíocht agus nuálaíocht áitiúil a chothú an tráth céanna a ndírítear ar sho-athraitheacht i gcúrsaí tráchtála agus athrú ar shlabhraí soláthair ar fud an domhain.