Nuacht

Community Monuments Fund 2025

Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2025

26 November 2024

Seoladh Ciste Séadchomharthaí Pobail 2025 agus tugtar cuireadh d’Údaráis Áitiúla agus d’iarratasóirí ábhartha iarratais agus measúnuithe a chur isteach chuig cmf@housing.gov.ie

Galway City Council members accepting award.

Aitheantas tugtha d’Fhéile na mBeach Fiáin i gCathair na Gaillimhe ag Gradaim Oidhreachta Náisiúnta 2024

25 November 2024

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar bís gur bhaineadar an dara háit amach sa ‘Gradam Oidhreachta Inbhuanaitheachta agus Aeráide’ ag na Gradaim Oidhreachta Náisiúnta, Dé hAoine, an 15 Samhain 2024. Déantar ceiliúradh leis na Gradaim Oidhreachta Náisiúnta ar na himeachtaí ba spéisiúla a cuireadh ar siúl i rith na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta. Cuireadh breis agus 2,500 imeacht ar bun le linn Sheachtain Oidhreachta 2024 agus b’onóir do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe gur cuireadh ar an ngearrliosta í i ngeall ar Fhéile na mBeach Fiáin ag searmanas sa Séipéal agus Halla Mór in Ospidéal Chill Mhaighneann, a raibh Síle Seoige ina bean an tí air.

Podchraoladh Galway City

Galway City – Your Council: Eagráin Nua!

20 November 2024

Is cúis ríméid ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe seisear de bhaill foirne lán taithí na Comhairle a chur i láthair sa dara sraith den Phodchraoladh ‘Galway City – Your Council’.

Artist Irene Naughton with her poem and mural

An Mac Tíre ar ais ar an mBaile Bán

18 November 2024

Tá an mac tíre ar ais i mBaile Bán le múrphictiúr nua á fheistiú ann mar ghné de thogra pobail i Sruthán Mhuirlinne ar an mBaile Bán. Sheol an togra ag ócáid ar an 13 Samhain 2024. Tá dhá shaothar filíochta le feiceáil sa mhúrphictiúr féin, ceann le Irene Naughton, an t-ealaíontóir a shaothraigh an múrphictiúr, agus an dara ceann le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, file a bhfuil gradaim buaite aici, arb é an mac tíre deireanach i gCoillte Mhuirlinne is téama dó. Is togra é seo ar chuir an Príomhúdarás Réigiúnach Forfheidhmiúcháin Dramhaíola airgead ar fáil lena aghaidh.

Safe and Sound Gaeilge poster

Slán Sábháilte - Feachtas trína moltar do Dhaoine a bheith Slán Sábháilte agus iad Amuigh san Oíche!

18 November 2024

Tá Cathair na Gaillimhe páirteach i bhfeachtas ‘Slán Sábháilte’ d’fhonn iompar tairbheach agus meas ar dhaoine eile a chur chun cinn le linn taitneamh a bhaint as geilleagar na hoíche. Gairm chun gnímh atá san fheachtas ag cuairteoirí go Cathair na Gaillimhe agus ag muintir na cathrach féin taitneamh a bhaint as a mbíonn ar fáil tar éis a 6 i.n. i gcúrsaí amharclannaíochta agus spóirt, i dtithe tabhairne, i gcaiféanna, i bpictiúrlanna agus eile – an tráth céanna a mbíonn meas acu ar an timpeallacht agus ar a chéile.

Green Flag Awards

Cúig Ghradam den Bhratach Ghlas Bronnta ar Pháirceanna na Cathrach

14 November 2024

Tá cúig Ghradam mór le rá den Bhratach Ghlas bainte amach ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Rannóg Oideachais Comhshaoil an Taisce a d’fhógair na gradaim inniu. Tugann Gradaim na Brataí Glaise aitheantas do na páirceanna agus na gairdíní poiblí is fearr in Éirinn. Bronnadh gradam ar Pháirc na gCúig Céad i mBóthar na Trá den chúigiú huair agus gradam arís eile, den séú bliain as a chéile go deimhin, ar Pháirc Leanaí na Mílaoise. Ghnóthaigh Páirc Uí Shúilleabháin i Muirbheach an Bhratach Ghlas den tríú huair. Cuireadh Páirc Uí Chinnéide ar an bhFaiche Mhór agus Páirc Foraoise Thír Oileáin leis an liosta páirceanna ar bronnadh gradam orthu i mbliana freisin, an chéad uair riamh a bhfuil an Bhratach Ghlas á bronnadh ar na páirceanna sin.