Nuacht

Image of City Hall

BÓITHRE CEAPTHA INA mBÓITHRE POIBLÍ - Lána na hEaglaise, Cnoc na Cathrach

13 February 2025

BÓITHRE CEAPTHA INA mBÓITHRE POIBLÍ
De réir fhoráil d’Acht na mBóithre, 1993, TUGANN Comhairle Cathrach na Gaillimhe FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn sí dearbhú a dhéanamh go mbeidh na bóithre thíosscríofa ina mbóithre poiblí. Breithneoidh an Chomhairle luaite an gnó seo ag cruinniú a thionólfar ar a luaithe an 7
Aibreán 2025.

Retrofit Rig

Seantalamh chun Aonad Oiliúna Iarfheistithe Soghluaiste a óstáil ón 17-21 Feabhra

11 February 2025

Ó Dé Luan 17ú Feabhra 2025 go dtí Dé hAoine 21 Feabhra2025, beidh An Seantalamh ina óstach ar Rige Iarfheistithe Mount Lucas - aonad lánfheistithe soghluaiste Nearly Zero Energy Buildings (NZEB) chun oiliúint a sholáthar maidir le huasghráduithe fuinnimh agus iarfheistiú i bpobail ar fud na hÉireann. Beidh an rige soghluaiste lonnaithe in T O'Higgins & Cuideachta Teoranta Homevalue, Seantalamh, agus beidh turais oscailte saor in aisce ar fáil i rith na seachtaine d'aon duine ar spéis leo a dteach a aisfheistiú.

Marching Band

Craobhchomórtais WAMSB an Domhain le bheith ar siúl i nGaillimh in 2027

5 February 2025

Tá mórtas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil cathair na Gaillimhe roghnaithe le bheith ina cathair óstach do Chraobhchomórtais Dhomhanda Chumann Domhanda na Seóbhannaí Máirseála (WAMSB). Is imeacht domhanda é seo a mheallfaidh na mílte ceoltóirí agus oirfidí go dtí an chathair ón 13-15 Lúnasa 2027.

HGC grant

Deontas Pobail Chathair na Gaillimhe Sláintiúil 2025

1 February 2025

Cuidigh le háit shona shláintiúil a dhéanamh de do phobal!
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tairiscint deontas faoin gClár Éire Shláintiúil chun tacú le tionscadail a chuireann sláinte agus folláine chun cinn i do phobal áitiúil!