Nuacht

Cruinniú na nÓg 2026

Cruinniú na nÓg – 6 Meitheamh 2026

20 March 2026

Is i bPáirc an Athar de Búrca in Iarthar Chathair na Gaillimhe a bheidh Cruinniú na nÓg na bliana seo ar siúl. Tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe cuireadh d’ealaíontóirí, do chleachtóirí cruthaitheacha agus do ghrúpaí óige tionscadail agus tionscnaimh chruthaitheacha a chur isteach atá dírithe ar leanaí agus ar dhaoine óga idir 0-18 mbliana d’aois a gcuirfear clabhsúr orthu ar an 6 Meitheamh le taispeántas, taibhiú nó seóthaispeántas i bPáirc an Athar de Búrca. D’fhéadfadh roinnt gnéithe a bheith ar siúl i gcomharsanachtaí áitiúla roimh an Lá Náisiúnta (e.g. ceardlanna nó cleachtaí), ach ba cheart an ghníomhaíocht a thabhairt i gcrích Dé Sathairn, an 6 Meitheamh 2026.

New Skatepark

Uasghrádú Pháirc Scátála Dhabhach Uisce Ainmnithe do Ghradam ICE i gCatagóir Fóillíochta nó Turasóireachta

18 March 2026

Tá lúcháir ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil Páirc Scátála uasghrádaithe Dhabhach Uisce ar an ngearrliosta do Ghradam Sármhaitheasa Tógála na hÉireann (ICE) sa chatagóir Fóillíochta nó Turasóireachta. Aithnítear leis an ainmniúchán seo gur athraíodh áis a bhí úsáidte go maith ach a bhí ag dul in aois go páirc scátála nua-aimseartha, cuimsitheach agus atá chun cinn go teicniúil, atá anois ar cheann de na cinn is fearr dá leithéid in Éirinn.

Irish officer and council at Irish SPC meeting

Curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe leis an Liosta de Nuachtáin atá Ceadaithe chun Fógraí Pleanála a Fhoilsiú

16 March 2026

Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil na foilseacháin Ghaeilge Tuairisc agus An Páipéar curtha aici le liosta na soláthraithe ceadaithe a fhoilsíonn fógraí pleanála reachtúla. Léiríonn an nuashonrú sin ar an liosta tiomantas Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge chomh maith le borradh a chur faoin bhfáil atá ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

slider_RoadClosure01.jpg

DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Rúin - Sráid Liam Thiar, Sráid Dhoiminic Uachtarach, Ardán na bhFiach

11 March 2026

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

Sráid Liam Thiar (L-5113): Ón gCraein Bheag (L-5111) go hAscaill na Muimhneach (L-5114).

Sráid Dhoiminic Uachtarach (L-5103): Ó Shráid Dhoiminic Íochtarach (L-5102) go dtí Sráid Liam Thiar (L-5113).

Ardán na bhFiach (L-5107): Ó Bhóthar Chnoc an Dalláin Íochtarach (L-5108) go dtí Bóthar an Athar Uí Ghríofa (R-336).

Dominick Street Upper (L-5103): From Dominick Street Lower (L-5102) to William Street West (L-5113).

Ravens Terrace (L-5107): From Fairhill Road Lower (L-5108) to Father Griffin Road (R-336).