Tá athrú mór i ndán do chroílár stairiúil meánaoiseach Chathair na Gaillimhe tar éis do na Comhairleoirí iarratas pleanála a cheadú d'aon ghuth do Thionscadal Athnuachana na Sráide Trasna. Deis nach dtagann go minic atá sa tionscadal uaillmhianach seo, ar fiú na milliúin euro é, le huasghrádú críochnúil a dhéanamh ar cheann de na ceantair is beoga dá bhfuil againn i lár na Gaillimhe, agus an carachtar speisialta a bhaineann leis an gceantar a chaomhnú ag an am céanna.