Is Iomaí Bealach atá ann le hÍoc as Páirceáil

Tá bealaí éasca éagsúla ann anois le híoc as páirceáil i gCathair na Gaillimhe. 

Roghnaigh an bealach is fearr a oireann duit:

  • Aip: íoslódáil an aip Galway City Parking (Android agus iPhone).
  • Suíomh Gréasáin: íoc ar www.GalwayCityParking.ie
  • Fón: glaoigh ar na línte íocaíochta páirceála - (091) 894 300
  • Ar an Láthair (airgead tirim nó cárta): íoc in aon siopa miondíolacháin Payzone - cuardaigh an comhartha bándearg Payzone nó féach ar liosta de mhiondíoltóirí Payzone i gCathair na Gaillimhe, nó féach ar léarscáil de shuíomhanna Payzone i gCathair na Gaillimhe.
Parking Webpage Spotlight

Tionscadal Athchóirithe Choill Mhuirlinne

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag déanamh dul chun cinn ar a plean coillearnach dhúchasach a dhéanamh as Coill Mhuirlinne, chun gnáthóg níos seasmhaí agus áis don phobal a chruthú in áit a ndearna Stoirm Éowyn go leor damáiste i mí Eanáir 2025. 
Ó mhí an Mhárta 2026 ar aghaidh, agus Tionscadal Athchóirithe Choill Mhuirlinne á phleanáil, bhí an Chomhairle ag plé le páirtithe leasmhara éagsúla agus tá éisteacht tugtha dóibh. Bunaithe ar an toradh a d’eascair as cuid den phlé sin, iarradh trí chineál comhairle ó shaineolaithe; comhairle éiceolaíochta, comhairle chrannadóireachta agus comhairle zó-eolaíochta. 

Merlin Woods

Rannpháirtíocht Phoiblí: Uiscí Snámha a Shainaithint

Ní mór d’údaráis áitiúla láithreacha oifigiúla snámha a shainaithint ina limistéar gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na láithreacha sin maidir lena sábháilteacht, lena gcáilíocht uisce agus lena leibhéal úsáide.  D’fhonn cabhrú leis an bpróiseas sin, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh ar dhaoine a bhíonn ag snámh ag tránna, i lochanna nó in aibhneacha a chur in iúl di cé acu ba cheart di na hainmniúcháin reatha uiscí snámha a choinneáil i bhfeidhm nó ainmniúchán oifigiúil nua láthair shnámha a thabhairt do láithreacha a úsáidtear chun críocha snámha go minic agus nach bhfuil sainaitheanta mar láithreacha snámha faoi láthair.
 

slider_BathingWaters.jpg