Is Iomaí Bealach atá ann le hÍoc as Páirceáil

Tá bealaí éasca éagsúla ann anois le híoc as páirceáil i gCathair na Gaillimhe. 

Roghnaigh an bealach is fearr a oireann duit:

  • Aip: íoslódáil an aip Galway City Parking (Android agus iPhone).
  • Suíomh Gréasáin: íoc ar www.GalwayCityParking.ie
  • Fón: glaoigh ar na línte íocaíochta páirceála - (091) 894 300
  • Ar an Láthair (airgead tirim nó cárta): íoc in aon siopa miondíolacháin Payzone - cuardaigh an comhartha bándearg Payzone nó féach ar liosta de mhiondíoltóirí Payzone i gCathair na Gaillimhe, nó féach ar léarscáil de shuíomhanna Payzone i gCathair na Gaillimhe.
Parking Webpage Spotlight

Public Participation: Identification of Bathing Waters

Local authorities must identify official bathing areas in their area every year so that they can be monitored for safety, water quality and their level of use. To help with this process, Galway City Council are asking people who swim at beaches, lakes and rivers to tell them if they think they should maintain existing designated bathing waters designations or give a new official bathing area designation to areas that are commonly used for swimming, but not identified at the moment.

blueflag
4 people holding cardboard cut outs of the UN sustainable development goals

Torthaí ‘Staidéar ar Bhruscar ar mhaithe le Bóthar na Trá níos glaine’ foilsithe ag CuriOcean

2 April 2026

Tá torthaí staidéir phoiblí chuimsithigh dar teideal “Staidéar ar Bhruscar ar mhaithe le Bóthar na Trá níos glaine” a rinne an comhlacht neamhrialtais caomhnaithe mara CuriOcean i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe foilsithe. Foilsíodh an staidéar in óstán Galway Bay Dé hAoine an 27 Márta. Tugtar léargas sa staidéar a fuair maoiniú ón gComhairle Cathrach agus a cuireadh i gcrích i lár an tsamhraidh in 2025, ar thuiscint an phobail ar bhruscar i mBóthar na Trá agus bailíodh réitigh nuálacha pobalbhunaithe chun áilleacht nádúrtha an cheantair a chaomhnú.

Road poster on Nora Barnacle's House

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag Tarraingt Aird ar Struchtúir atá faoi Chosaint ar na Bóithre isteach go dtí an Chathair i mí Aibreáin

2 April 2026

Beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag díriú aird ar oidhreacht ailtireachta na cathrach i mí Aibreáin, le tionscnamh nua ina mbeidh foirgnimh de chuid na Gaillimhe atá ar an 'Taifead ar Dhéanmhais Chosanta na Gaillimhe' le feiceáil ar 15 de chomharthaí bóthair ardphróifíle ar an mbealach isteach go dtí an chathair. I measc na seoda oidhreachta a bheidh ar taispeáint tá Teachín Nora Barnacle, Amharclann Oileán Altanach, an Seanospidéal Fiabhrais ar Oileán an Iarla, agus 'Teachín Úna Mhichael'.