Nuacht

Aerial photograph of Galway City

Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2026: Rachaidh sé chun Tairbhe Grúpaí agus Eagraíochtaí Pobail i gCathair na Gaillimhe

14 July 2026

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, na tionscadail ar éirigh leo faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil (LEP) 2026 Déardaoin, 2 Iúil 2026. €146,293.30 san iomlán atá leithdháilte ar 79 tionscadal ar fud Chathair na Gaillimhe. Tacóidh an maoiniú seo le hoibreacha caipitil ar scála beag agus le ceannach trealaimh riachtanach le húsáid ag an bpobal.

big top at dusk

Cuirfear scáileán mór saor in aisce ar fáil le breathnú ar Chraobh Iomána na hÉireann mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe mar atá fógartha ag an gComhairle Cathrach

10 July 2026

Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go mbeidh Chraobh Iomána na hÉireann á thaispeáint saor in aisce ar scáileán poiblí don chluiche idir Ghaillimh agus Luimneach a bheidh ar siúl sa bPuball Mór Heineken mar chuid d'Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe (GIAF).

Íomhá ina léirítear dáta agus suíomh Chlinic Caomhnaithe Chathair na Gaillimhe

Clinic Caomhantais Chathair na Gaillimhe / 2026

9 July 2026

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar leis an tSeirbhís Náisiúnta Oidhreachta Tógtha, ag reáchtáil Clinic Caomhantais ina gcuirfear comhairliúcháin saor in aisce ar fáil le hAiltire Caomhantais Grád 2 de chuid na hInstitiúide Ríoga Ailtirí na hÉireann.

City Hall

Comhairliúchán Poiblí do Dhréacht-Fhodhlíthe Luasteorainneacha Speisialta 2026 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

2 July 2026

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di le hAlt 9 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2004 (Uimh. 44 de 2004), arna leasú, Fodhlíthe a dhéanamh de réir Chéim 2 den Athbhreithniú Náisiúnta ar Luasteorainneacha, eadhon Fodhlíthe Luasteorainneacha Speisialta 2026 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Is é cuspóir na bhFodhlíthe seo ná luasteorainneacha speisialta a chur i bhfeidhm ar bhóithre poiblí laistigh de limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.