Fáiltíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe an cead pleanála atá faighte ag Uisce Éireann do Stáisiún Pumpála Pháirc Mhuirlinne ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath, tionscadal bonneagair ríthábhachtach a bhfuil féidearthacht tithíochta ag baint leis agus lena gcuirfear fás inbhuanaithe chun cinn ar fud na cathrach.
TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú dúnta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le:
An tAcomhal ar Bhóthar Pháirc an Chaisleáin: Céide Ghleann Abhann chuig/ó Bhóthar Pháirc an Chaisleáin.
Tá céad ghairdíní báistí riamh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoi bhláth anois agus ag cur dathanna áille glé ar fáil sa gcathair. Mar chuid d’Uasghrádú Acomhal an Chorráin/Bhóthar na Mara a críochnaíodh le gairid, a chur Rannóg Taistil Ghníomhaigh na Comhairle i gcrích, suiteáladh dhá ghairdín báistí nua, chomh maith le sraith feabhsuithe sábháilteachta do gach úsáideoir bóithre.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar le CuriOcean agus Ollscoil na Gaillimhe, ag tabhairt cuireadh don phobal réitigh a mholadh chun dramhaíl agus bruscar a laghdú i limistéar Bhóthar na Trá ar laethanta gnóthacha samhraidh. Is catharnas é CuriOcean atá bunaithe i nGaillimh atá ag obair chun feasacht a ardú maidir le ceisteanna caomhnaithe muirí.
Cúis áthais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil an tairiscint chun Ionad Lae nua agus Cóiríocht Shealadach do Dhaoine gan Dídean a thógáil ar Bhóthar Shéamais Uí Chuirc, An Taobh Thiar, bronnta ar Carey Building Contractors, tar éis próiseas tairisceana i R1 2025.
Beidh Taispeántas Mór Sráide Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe le feiceáil ar shráideanna na Gaillimhe Dé hAoine an 18 Iúil (9:30pm) agus Dé Sathairn an 19 Iúil (6pm agus 9:30pm).