Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh do chónaitheoirí chuig sraith nua de na hOícheanta ar Thíosacht Fuinnimh a bheidh ar siúl ar fud na cathrach le linn 2026. Tabharfar deis do chónaitheoirí níos mó a fhoghlaim faoi fheidhmíocht fuinnimh san áras cónaithe a fheabhsú, billí fuinnimh a laghdú agus eolas a chur ar na roghanna iarfheistithe praiticiúla atá ar fáil ag na himeachtaí saor in aisce seo atá dírithe ar an bpobal.
Tá Leabhar Comhbhróin oscailte in ómós don chraoltóir agus iriseoir Michael Lyster i Halla na Cathrach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe inniu (Dé Máirt an 24 Márta).
Comhairle Cathrach na Gaillimhe - Tráthnóna Eolais faoi Thithíocht Inacmhainne - Dé Céadaoin an 25 Márta 2026, ó 4pm - 8pm, i Radisson RED na Gaillimhe, Cearnóg na Corónach, Bóthar an tSeoighigh, Gaillimh
H91 H5PX
Is i bPáirc an Athar de Búrca in Iarthar Chathair na Gaillimhe a bheidh Cruinniú na nÓg na bliana seo ar siúl. Tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe cuireadh d’ealaíontóirí, do chleachtóirí cruthaitheacha agus do ghrúpaí óige tionscadail agus tionscnaimh chruthaitheacha a chur isteach atá dírithe ar leanaí agus ar dhaoine óga idir 0-18 mbliana d’aois a gcuirfear clabhsúr orthu ar an 6 Meitheamh le taispeántas, taibhiú nó seóthaispeántas i bPáirc an Athar de Búrca. D’fhéadfadh roinnt gnéithe a bheith ar siúl i gcomharsanachtaí áitiúla roimh an Lá Náisiúnta (e.g. ceardlanna nó cleachtaí), ach ba cheart an ghníomhaíocht a thabhairt i gcrích Dé Sathairn, an 6 Meitheamh 2026.
Tabharfar faoi oibreacha bóthair riachtanacha san oíche ar thaobh na hArdeaglaise de Dhroichead na mBradán agus ar an Droichead na mBradán, Dé Déardaoin an 19 Márta.
Cuireadh fáilte roimh Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Clr Mike Cubbard i Seattle, Washington, an tseachtain seo mar chuid de cheiliúradh na Féile Pádraig agus dhá scór bliain de chaidreamh Nasctha Cathrach Gaillimh-Seattle.
Tá lúcháir ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil Páirc Scátála uasghrádaithe Dhabhach Uisce ar an ngearrliosta do Ghradam Sármhaitheasa Tógála na hÉireann (ICE) sa chatagóir Fóillíochta nó Turasóireachta. Aithnítear leis an ainmniúchán seo gur athraíodh áis a bhí úsáidte go maith ach a bhí ag dul in aois go páirc scátála nua-aimseartha, cuimsitheach agus atá chun cinn go teicniúil, atá anois ar cheann de na cinn is fearr dá leithéid in Éirinn.
Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil na foilseacháin Ghaeilge Tuairisc agus An Páipéar curtha aici le liosta na soláthraithe ceadaithe a fhoilsíonn fógraí pleanála reachtúla. Léiríonn an nuashonrú sin ar an liosta tiomantas Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge chomh maith le borradh a chur faoin bhfáil atá ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge.