Nuacht

talk in community centre

Oícheanta Eolais ar Thíosacht Fuinnimh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe

28 September 2026

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh do chónaitheoirí chuig sraith nua de na hOícheanta ar Thíosacht Fuinnimh a bheidh ar siúl ar fud na cathrach le linn 2026. Tabharfar deis do chónaitheoirí níos mó a fhoghlaim faoi fheidhmíocht fuinnimh san áras cónaithe a fheabhsú, billí fuinnimh a laghdú agus eolas a chur ar na roghanna iarfheistithe praiticiúla atá ar fáil ag na himeachtaí saor in aisce seo atá dírithe ar an bpobal.

Pictures of older people

Ómós do Laochra an Aoisithe Dhearfaigh i nGaillimh

28 September 2026

Is ceiliúradh bliantúil í Seachtain an Aoisithe Dhearfaigh (25 Meán Fómhair - 2 Deireadh Fómhair) ar an ionchur ríthábhachtach agus éagsúil a dhéanann daoine scothaosta dá bpobail, agus is deis í chun dúshlán a thabhairt don idirdhealú bunaithe ar aois. Tugann téama na bliana seo, 'Ceangal idir na Glúnta', cuireadh dúinn naisc a chothú, dúshlán a thabhairt do steiréitíopaí agus luach, agus taithí agus ionchur daoine atá scothaosta a aithint.

business conference

Tionólfar Mórchomhdháil Eorpach ar Iomaíochas Réigiúnach i nGaillimh le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE

23 September 2026

Cuirfear fáilte roimh lucht ceaptha beartas sinsearach Eorpach, ceannairí gnó, údaráis réigiúnacha, taighdeoirí agus gníomhaireachtaí fiontraíochta go Gaillimh an fómhar seo agus comhdháil shuaitheanta á tionól ann lena scrúdófar todhchaí an iomaíochais réigiúnaigh, na nuálaíochta agus an fháis eacnamaíoch inbhuanaithe ar fud na hEorpa.

People lined up and dancing at Colour Run, flare of orange paint

Oíche #BeActive Dé Sathairn an 26 Meán Fómhair ar Phromanáid Bhóthar na Trá

15 September 2026

Bí faoi réir chun an oíche a lasadh suas lenár Rith Dathanna le haghaidh Oíche #BeActive - imeacht lán le spraoi, dathanna beoga agus atmaisféar a spreagann a bheith gníomhach! Is ceiliúradh bríomhar a bhíonn in Oíche #BeActive ina dtugtar spreagadh do dhaoine gach aois spraoi a bheith acu agus a bheith gníomhach ag an am céanna. Bí linn do haghaidh Rith Dathanna den scoth Dé Sathairn an 26 Meán Fómhair a thosóidh ag Trá na mBan i mBóthar na Trá.