Tithíocht

All pages relating to tithíocht.

Image Garraí na Sailí

Tithíochta Inacmhainne Garraí na Sailí

9 January 2025

Burkeway Homes Tá áthas ar Burkeway Homes 8 dteach nua i nGarraí na Sailí, Leitreach, Contae na Gaillimhe a chur ar an margadh. Tá ceithre theach leathscoite 2 sheomra leapa agus ceithre theach leathscoite 3 sheomra leapa á ndíol i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe trí na socruithe le haghaidh tithe inacmhainne faoin Acht um Thithíocht Inacmhainne, 2021 agus na rialacháin a ghabhann leis.

Seomra do Mhac Léinn – Scéim Tionóntachtaí Údaráis

Is tionscnamh Rialtais é Seomra do Mhac Léinn – Scéim Tionóntachtaí Údaráis Áitiúil a cheadaíonn do thionóntaí údaráis áitiúil seomra nó seomraí ina dtithe a ligean ar cíos do mhic léinn tríú leibhéal má fhaigheann siad cead roimh ré ón údarás áitiúil, atá ag feidhmiú mar thiarna talún. I ndiaidh iarratas a dhéanamh agus cead a fháil, féadfaidh an Tionónta an seomra ábhartha a ligean ar cíos faoin gceadúnas i gcomhair bhliain acadúil an mhic léinn. Tá aon ioncam breise a fhaigheann tionónta údaráis áitiúil mar thoradh ar pháirt a ghlacadh sa scéim ináirithe sa ríomh ar an gcíos a íocann sé nó sí leis an údarás áitiúil.

NOTICE OF CONSIDERATION OF SETTING A SCHEME FOR THE ABATEMENT OF RATES IN RESPECT OF VACANT PROPERTI

FÓGRA I DTAOBH BREITHNIÚ A DHÉANAMH AR SCÉIM A SHOCRÚ CHUN RÁTAÍ A LAGHDÚ I LEITH MAOINE FOLMHA

20 September 2024

Déantar foráil shonrach in alt 9 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019, go bhféadfaidh comhaltaí tofa d’údarás áitiúil scéim a dhéanamh lena ndéanfar foráil maidir le rátaí a laghdú i leith réadmhaoine folmha agus go gceadófar scéim den sórt sin ag cruinniú buiséid an údaráis áitiúil, maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil a mbeidh feidhm ag an scéim maidir léi.

Image of City Hall

Measúnú Ar Riachtanais Tithíochta 2024

10 July 2024

De réir Alt 21 den Acht Tithíochta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 agus Alt 6 den Acht Tithíochta (Cóiríocht do Thaistealaithe) 1998, tá treoir faighte ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tabhairt faoi Mheasúnú ar Riachtanais Tithíochta i 2024.

Traveller Accomodation Programme

Dréachtchlár Cóiríochta don Lucht Siúil 2025-2029

1 July 2024

Mar atá leagtha amach i bhforálacha Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998, tá Dréachtchlár Cóiríochta don Lucht Siúil curtha i dtoll a chéile ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe a don tréimhse 2025-2029.