Trácht & Iompar

All pages relating to trácht & iompar.

Staff and gardaí standing in front of County Hall with launched booklet

Tá sé mar aidhm ag Gaillimh líon na mbásanna ar bhóithre a laghdú faoi leath faoi 2030 - Seoladh Straitéis Sábháilteachta Bóthair Chathair agus Chontae na Gaillimhe 2026-2030

1 September 2026

Tá tionscnamh nua sábháilteachta bóthair seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ag Comhairle Contae na Gaillimhe, le tacaíocht ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) agus ón nGarda Síochána. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha i nGaillimh a laghdú faoi leath faoi dheireadh na deacáide.

City Hall

Comhairliúchán Poiblí do Dhréacht-Fhodhlíthe Luasteorainneacha Speisialta 2026 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

2 July 2026

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di le hAlt 9 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2004 (Uimh. 44 de 2004), arna leasú, Fodhlíthe a dhéanamh de réir Chéim 2 den Athbhreithniú Náisiúnta ar Luasteorainneacha, eadhon Fodhlíthe Luasteorainneacha Speisialta 2026 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Is é cuspóir na bhFodhlíthe seo ná luasteorainneacha speisialta a chur i bhfeidhm ar bhóithre poiblí laistigh de limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

line draw of city skyline with text saying GMATS

Fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh thús a bheith curtha arís leis an bpróiseas chun Beartas Iompair Amach Anseo a fhorbairt

1 July 2026

Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh chur i bhfeidhm Straitéis Iompair Cheantar Uirbeach na Gaillimhe (GMATS) arís ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI). Sainaithneofar riachtanais iompair na Gaillimhe sa Straitéis thábhachtach seo agus cuirfear bonn eolais faoi fhorbairt na Gaillimhe amach anseo, rud a chabhróidh léi leanúint de bheith ina lárionad eacnamaíoch agus cultúir d’Iarthar na hÉireann.

3 logos

N6 Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe

9 April 2026

Cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) fáilte roimh chinneadh an Choimisiúin Pleanála cead a dheonú do Chuarbhóthar Chathair na Gaillimhe (N6 GCRR) an N6.