Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh do chónaitheoirí chuig sraith nua de na hOícheanta ar Thíosacht Fuinnimh a bheidh ar siúl ar fud na cathrach le linn 2026. Tabharfar deis do chónaitheoirí níos mó a fhoghlaim faoi fheidhmíocht fuinnimh san áras cónaithe a fheabhsú, billí fuinnimh a laghdú agus eolas a chur ar na roghanna iarfheistithe praiticiúla atá ar fáil ag na himeachtaí saor in aisce seo atá dírithe ar an bpobal.
Is í Comhairle Cathrach na Gaillimhe an chéad údarás áitiúil in Éirinn a fuair maoiniú faoin gclár Gníomhartha Nuálacha de chuid an Tionscnamh Uirbigh Eorpaigh (EUI). Bronnadh €3,363,213 ar an gComhairle trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) chun treoir a thabhairt do thionscadal ceannródaíoch ar a dtugtar WATERWAY, a dhéanfaidh canálacha stairiúla na cathrach a athbheochan mar fhoinse fuinnimh ghlain, oideachais agus rannpháirtíochta poiblí.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe roghnaithe ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil ina Curadh ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe do chlár na tréimhse 2025-2027.
Carthanais, Ionaid Phobail, Clubanna Spóirt, Grúpaí Comhshaoil agus Fiontair Shóisialta, cuireadh chun Iarratas a dhéanamh ar Mhaoiniú 100%. Is é an Aoine, an 12 Nollaig 2025 ag 5pm an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh.
Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil gradam “Foireann na Bliana” buaite ag ár bhFoireann um Ghníomhú ar son na hAeráide agus na hInmharthanachta ag Gradaim Ceannasaíochta Athraithe Aeráide 2025.
Tá dara Féile Aeráide na Gaillimhe 10-14 Meán Fómhair (www.GalwayClimateFestival.ie) ag tabhairt cuireadh do gach duine—teaghlaigh, ealaíontóirí, gnólachtaí, mic léinn, agus pobail ar fud Iarthar na hÉireann agus níos faide i gcéin— teacht le chéile chun ceiliúradh spreagúil a dhéanamh ar ghníomhaíocht aeráide, cruthaitheacht agus dóchas comhchoiteann.
Tá saothair ealaíne a cruthaíodh i gcomhar le heolaithe aeráide agus an pobal áitiúil le feiceáil in ‘The Air We Share’
Inniu (14.08.25), sheol Ionad Ealaíon na Gaillimhe, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, mórthaispeántas grúpa nua a thugann cuireadh do chuairteoirí leas a bhaint as suiteán fuaime tumthach, féachaint ar shonraí comhshaoil fíor-ama ag athrú go dealbha digiteacha, agus tuilleadh eolais a fháil faoi chaighdeán aeir, aeráid agus timpeallacht chomhroinnte na Gaillimhe.
Is í an t-oirfideach Shani Williams a bheidh ag cur Oíche Scéalaíochta Inbhuanaithe “Giob Geab’’ Fhéile Aeráide na Gaillimhe i láthair. Tá fáilte roimh ghrúpaí Pobail, Fiontair Shóisialta, grúpaí bithéagsúlachta, agus Cumainn Cónaitheoirí a dtionscnaimh inbhuanaitheachta nó smaointe nuálacha a chur i láthair don lucht féachana.
Osclaíodh Droichead an Dóchais don phobal roimh an sceideal i mBealtaine 2023. Is é an chéad droichead nua a théann trasna na Coiribe le breis agus 30 bliain.