Is Iomaí Bealach atá ann le hÍoc as Páirceáil

Tá bealaí éasca éagsúla ann anois le híoc as páirceáil i gCathair na Gaillimhe. 

Roghnaigh an bealach is fearr a oireann duit:

  • Aip: íoslódáil an aip Galway City Parking (Android agus iPhone).
  • Suíomh Gréasáin: íoc ar www.GalwayCityParking.ie
  • Fón: glaoigh ar na línte íocaíochta páirceála - (091) 894 300
  • Ar an Láthair (airgead tirim nó cárta): íoc in aon siopa miondíolacháin Payzone - cuardaigh an comhartha bándearg Payzone nó féach ar liosta de mhiondíoltóirí Payzone i gCathair na Gaillimhe, nó féach ar léarscáil de shuíomhanna Payzone i gCathair na Gaillimhe.
Parking Webpage Spotlight

Seoladh Oifigiúil Fhéile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe

Beidh Féile Inspioráidí Aeráide 2026, féile a bhfuil gradam buaite aici, ar ceiliúradh mór í ar chruthaitheacht, nuálacht agus gníomhaíocht pobail mar fhreagra ar an ngéarchéim aeráide, ar siúl ón 24 go dtí an 28 Meitheamh 2026 in ionaid éagsúla ar fud Chathair na Gaillimhe. Tugtar ealaíontóirí, eolaithe, foireann na comhairle agus pobail áitiúla le chéile chun borradh a chur faoi réitigh aeráide trí scéalaíocht agus cultúr a fhiosrú.

Beidh níos mó ná 30 imeacht ar siúl le linn na féile cúig lá seo, imeachtaí amhail taispeántais idirghníomhacha, suiteálacha ealaíne aeráide, ceol beo, aonach pobail, picnic faoin spéir, ceardlanna inbhuanaitheachta, agus príomhchainteanna agus painéil ó cheannairí inbhuanaitheachta.

people holding signage at launch of festival in park
Aerial photograph of Galway City

Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2026: Rachaidh sé chun Tairbhe Grúpaí agus Eagraíochtaí Pobail i gCathair na Gaillimhe

14 July 2026

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, Dara Calleary TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, na tionscadail ar éirigh leo faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil (LEP) 2026 Déardaoin, 2 Iúil 2026. €146,293.30 san iomlán atá leithdháilte ar 79 tionscadal ar fud Chathair na Gaillimhe. Tacóidh an maoiniú seo le hoibreacha caipitil ar scála beag agus le ceannach trealaimh riachtanach le húsáid ag an bpobal.