Trácht & Iompar

All pages relating to trácht & iompar.

City Hall

COMHAIRLE CATHRACH NA GAILLIMHE FÓGRA MAIDIR LE TOGRA CHUN FODHLÍDHE RIALAITHE LOCTHA 2025 A DHÉANAMH

6 October 2025

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di le hAlt 131A de na hAchtanna Rialtais Áitiúil 1925 go 2014, le hAlt 36 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994, arna leasú, agus le hAlt 101 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, arna leasú, tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe Fodhlíthe Rialaithe Loctha 2025 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (“Dréacht-Fhodhlíthe Loctha 2025”) a dhéanamh chun locadh a rialáil agus a rialú i leith an limistéir arb é limistéar feidhme Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é.

Launch of EV Charging Hub

Mol luchtaithe poiblí ceannródaíoch d’fheithiclí leictreacha seolta sa Taobh Thiar

30 June 2025

) Sheol Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, agus an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Seán Canney TD, mol luchtaithe úrnua ceannródaíoch d’fheithiclí leictreacha (EV) sa Taobh Thiar ar Dé hAoine 27 Meitheamh 2025. Is é an mol seo an chéad mhol luchtaithe poiblí d’fheithiclí leictreacha grianchumhachtaithe in Éirinn le cúltaca ceallra agus eangaí.

Screenshot of N6 report

Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe Freagra ar Thuilleadh Eolais

6 May 2025

Tugadh freagra ar an 14 Aibreán ar iarratas i gcomhair tuilleadh eolais ón mBord Pleanála trí thuarascáil agus ceangaltán cuimsitheach a chur isteach. Is céim mhór chun cinn sa bpróiseas pleanála é an t-eolas breise seo a chur faoi bhráid do thionscadal atá riachtanach don bhonneagar iompair amach anseo i gCathair agus i gContae na Gaillimhe agus do réigiún an iarthair i gcoitinne.