Creatphlean Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le tacaíocht ó Allies and Morrison, speisialtóirí i nDearadh Uirbeach agus i gcúrsaí Rannpháirtíochta, ag seoladh tionscadal iontach chun tosaíochtaí áitiúla a fhiosrú d’fhonn cabhrú le todhchaí Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá a mhúnlú. 

Le linn 2025, beidh foireann an tionscadail ag dul timpeall Bhóthar na Trá agus teagmháil á déanamh acu le grúpaí áitiúla pobail, gnó agus fóillíochta. Is deis é seo do dhaoine a gcuid tuairimí a roinnt faoi na rudaí a thaitníonn go mór leo i mBóthar na Trá agus faoi na feabhsuithe a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm sa cheantar. 

tour
Road Closure

DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Na Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 Fógra Cinnidh - Sráid Liam Thiar , Sráid Dhoiminiceach Uachtarach , Ardán na bhFiach

7 May 2025

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe lena ndúnfar:

Sráid Liam Thiar (L-5113): Ó Chraein Bheag (L-5111) go hAscaill na Mumhan (L-5114).

Sráid Dhoiminiceach Uachtarach (L-5103): Ó Shráid Dhoiminiceach Íochtarach (L-5102) go Sráid Liam Thiar (L-5113).

Ardán na bhFiach (L-5107): Ó Bhóthar Chnoc an Dalláin Íochtarach (L-5108) go Bóthar an Athar Uí Ghríofa (R-336).

Tréimhse an Dúnta: Dé Luain – Dé Sathairn: 6.00í.n – 2.00r.n, Dé Domhnaigh
3.00í.n – 2.00r.n, Ó Dé hAoine 16ú Bealtaine 2025 go dtí Dé Domhnaigh 28ú Meán Fómhair 2025