Taisteal Gníomhach

All pages relating to taisteal gníomhach.

Tionscadail agus nuashonruithe Taisteal Gníomhach.

An artist’s impression of Middle Street following the completion of these works.

Cead tugtha ag Comhairleoirí Cathrach na Gaillimhe do Thionscadal uaillmhianach Athnuachana le haghaidh na Sráide Trasna

10 September 2026

Tá athrú mór i ndán do chroílár stairiúil meánaoiseach Chathair na Gaillimhe tar éis do na Comhairleoirí iarratas pleanála a cheadú d'aon ghuth do Thionscadal Athnuachana na Sráide Trasna. Deis nach dtagann go minic atá sa tionscadal uaillmhianach seo, ar fiú na milliúin euro é, le huasghrádú críochnúil a dhéanamh ar cheann de na ceantair is beoga dá bhfuil againn i lár na Gaillimhe, agus an carachtar speisialta a bhaineann leis an gceantar a chaomhnú ag an am céanna.

A photomontage image showing part of the future Monivea Road (East) Active Travel Scheme.  This image shows the proposed works, including the new cycle lane and people crossing at traffic lights.

Scéim Bhóthar Mhuine Mheá (Thoir) maidir le Taisteal Gníomhach

22 July 2026

I ndáil le Cuid XI den Acht um Pleanáil & Forbairt, 2000 (arna leasú) agus Cuid 8, Airteagal 81 de na Rialacháin um Pleanáil & Forbairt, 2001-2026, tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fógra leis seo faoi thogra chun bealach rothaíochta scoite d'ardchaighdeán a chur ar fáil feadh an R339, Bóthar Mhuine Mheá, Gaillimh; dar teideal “Scéim Bhóthar Mhuine Mheá (Thoir) maidir le Taisteal Gníomhach”.

line draw of city skyline with text saying GMATS

Fáilte curtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh thús a bheith curtha arís leis an bpróiseas chun Beartas Iompair Amach Anseo a fhorbairt

1 July 2026

Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh chur i bhfeidhm Straitéis Iompair Cheantar Uirbeach na Gaillimhe (GMATS) arís ag an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI). Sainaithneofar riachtanais iompair na Gaillimhe sa Straitéis thábhachtach seo agus cuirfear bonn eolais faoi fhorbairt na Gaillimhe amach anseo, rud a chabhróidh léi leanúint de bheith ina lárionad eacnamaíoch agus cultúir d’Iarthar na hÉireann.

slider_RoadClosure01.jpg

Fógra faoi Bhóithre a bheidh le Dúnadh – Bóthar Mhuine Mheá (in aice le hAcomhal Bhóthar an Bhaile Bháin)

13 May 2026

Tá obair athdhromchlaithe bóthair faoi Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Pháirc an Chaisleáin beagnach críochnaithe anois. Is éard atá i gceist leis an gcéim dheiridh stráicí de Bhóthar Mhuine Mheá a athdhromchlú soir agus siar ó Acomhal Bhóthar an Bhaile Bháin. Leanfaidh na hoibreacha tógála ar aghaidh go dtí Déardaoin 21 Bealtaine.

An aerial photograph of Ballybane Road during construction of the Ballybane Road and Castlepark Road Active Travel Scheme

Fógra faoi Bhóithre a bheidh le Dúnadh - Bóthar an Bhaile Bháin

23 April 2026

Beidh Dúnadh Bóithre i bhfeidhm ón 9:30am – 4:00pm, Luan go hAoine, ó Dé Luain an 27 Aibreán ar feadh tuairim is 3 seachtaine ar Bhóthar an Bhaile Bháin ó Bhóthar San Séamus go dtí acomhal Bhóthar Mhuine Mheá, agus d’fheadfaí Bóthar Mhuine Mheá Thoir agus Thiar a dhúnadh ag an acomhal ar Bhóthar an Bhaile Bháin ina dhiaidh sin ar feadh tréimhsí gearra.