Is Iomaí Bealach atá ann le hÍoc as Páirceáil

Tá bealaí éasca éagsúla ann anois le híoc as páirceáil i gCathair na Gaillimhe. 

Roghnaigh an bealach is fearr a oireann duit:

  • Aip: íoslódáil an aip Galway City Parking (Android agus iPhone).
  • Suíomh Gréasáin: íoc ar www.GalwayCityParking.ie
  • Fón: glaoigh ar na línte íocaíochta páirceála - (091) 894 300
  • Ar an Láthair (airgead tirim nó cárta): íoc in aon siopa miondíolacháin Payzone - cuardaigh an comhartha bándearg Payzone nó féach ar liosta de mhiondíoltóirí Payzone i gCathair na Gaillimhe, nó féach ar léarscáil de shuíomhanna Payzone i gCathair na Gaillimhe.
Parking Webpage Spotlight

Seoladh Oifigiúil Fhéile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe

Beidh Féile Inspioráidí Aeráide 2026, féile a bhfuil gradam buaite aici, ar ceiliúradh mór í ar chruthaitheacht, nuálacht agus gníomhaíocht pobail mar fhreagra ar an ngéarchéim aeráide, ar siúl ón 24 go dtí an 28 Meitheamh 2026 in ionaid éagsúla ar fud Chathair na Gaillimhe. Tugtar ealaíontóirí, eolaithe, foireann na comhairle agus pobail áitiúla le chéile chun borradh a chur faoi réitigh aeráide trí scéalaíocht agus cultúr a fhiosrú.

Beidh níos mó ná 30 imeacht ar siúl le linn na féile cúig lá seo, imeachtaí amhail taispeántais idirghníomhacha, suiteálacha ealaíne aeráide, ceol beo, aonach pobail, picnic faoin spéir, ceardlanna inbhuanaitheachta, agus príomhchainteanna agus painéil ó cheannairí inbhuanaitheachta.

people holding signage at launch of festival in park
People on beach

Bain Taitneamh as do Thrá 2026 – Neart Gréine agus Bithéagsúlachta ar Thránna Chathair na Gaillimhe!

20 May 2026

Rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le Cóstaí Glana na hÉireann agus Atlantaquaria na Gaillimhe, ceiliúradh ar Bain Taitneamh as do Thrá 2026, i gcaitheamh trí lá oideachais agus spraoi (12-15 Bealtaine), mar chuid den chlár bhí: Circus 250 – gníomh sorcais comhshaoil; ceardlanna ar chreimeadh dumhcha agus cósta; agus don dara bliain as a chéile, ióga ar Thrá na gCeann leis an teagascóir ióga áitiúil Eva Du as Rise Awild. Is ceiliúradh é an t-imeacht ar thránna cathrach na Gaillimhe, a bhí ar siúl ar Thrá na mBan, Bóthar na Trá, agus ar Thrá na gCeann, dhá thrá a bhfuil brat gorm bronnta orthu.

Giob Geab Presenter portrait

Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe cuireadh a thabhairt do ghrúpaí a dtionscadail nó a smaointe inbhuanaitheachta a chur i láthair ag oíche scéalaíochta pobail Giob Geab

20 May 2026

Beidh an t-imeacht “Giob Geab” ar siúl mar chuid d’Fhéile Aeráide na Gaillimhe Déardaoin an 25 Meitheamh idir 7 – 10 pm i bPuball na Féile, Páirc an Athar de Búrca, Cathair na Gaillimhe. Beidh Shani Williams ina bean an tí arís lena stíl ghrinn agus beidh cúpla focal Gaeilge freisin mar chuid dá cur i láthair ar an oíche nuálach scéalaíochta pobail seo.

Different representatives posing for picture for Africa Day

Ceiliúradh Teaghlaigh i bPáirc Bhóthar na Trá do Lá na hAfraice 2026

19 May 2026

Tabharfar tús áite don Afraic i gCathair na Gaillimhe i mí Bealtaine mar cheiliúradh ar na daoine, ar na cultúir, agus ar acmhainneacht na mór-roinne iontaí seo agus ar phobail na hAfraice go léir atá ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe. Beidh imeachtaí ar bun ar feadh Lá na hAfraice, Dé Sathairn an 23 Bealtaine.