Is Iomaí Bealach atá ann le hÍoc as Páirceáil

Tá bealaí éasca éagsúla ann anois le híoc as páirceáil i gCathair na Gaillimhe. 

Roghnaigh an bealach is fearr a oireann duit:

  • Aip: íoslódáil an aip Galway City Parking (Android agus iPhone).
  • Suíomh Gréasáin: íoc ar www.GalwayCityParking.ie
  • Fón: glaoigh ar na línte íocaíochta páirceála - (091) 894 300
  • Ar an Láthair (airgead tirim nó cárta): íoc in aon siopa miondíolacháin Payzone - cuardaigh an comhartha bándearg Payzone nó féach ar liosta de mhiondíoltóirí Payzone i gCathair na Gaillimhe, nó féach ar léarscáil de shuíomhanna Payzone i gCathair na Gaillimhe.
Parking Webpage Spotlight

Rannpháirtíocht Phoiblí: Uiscí Snámha a Shainaithint

Ní mór d’údaráis áitiúla láithreacha oifigiúla snámha a shainaithint ina limistéar gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na láithreacha sin maidir lena sábháilteacht, lena gcáilíocht uisce agus lena leibhéal úsáide.  D’fhonn cabhrú leis an bpróiseas sin, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh ar dhaoine a bhíonn ag snámh ag tránna, i lochanna nó in aibhneacha a chur in iúl di cé acu ba cheart di na hainmniúcháin reatha uiscí snámha a choinneáil i bhfeidhm nó ainmniúchán oifigiúil nua láthair shnámha a thabhairt do láithreacha a úsáidtear chun críocha snámha go minic agus nach bhfuil sainaitheanta mar láithreacha snámha faoi láthair.
 

slider_BathingWaters.jpg

Seoladh Oifigiúil Fhéile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe

Beidh Féile Inspioráidí Aeráide 2026, féile a bhfuil gradam buaite aici, ar ceiliúradh mór í ar chruthaitheacht, nuálacht agus gníomhaíocht pobail mar fhreagra ar an ngéarchéim aeráide, ar siúl ón 24 go dtí an 28 Meitheamh 2026 in ionaid éagsúla ar fud Chathair na Gaillimhe. Tugtar ealaíontóirí, eolaithe, foireann na comhairle agus pobail áitiúla le chéile chun borradh a chur faoi réitigh aeráide trí scéalaíocht agus cultúr a fhiosrú.

Beidh níos mó ná 30 imeacht ar siúl le linn na féile cúig lá seo, imeachtaí amhail taispeántais idirghníomhacha, suiteálacha ealaíne aeráide, ceol beo, aonach pobail, picnic faoin spéir, ceardlanna inbhuanaitheachta, agus príomhchainteanna agus painéil ó cheannairí inbhuanaitheachta.

people holding signage at launch of festival in park
Galway City

Deontas CAIRDE 2027

2 October 2026

Cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil tríd an deontas seo do ghrúpaí pobail, deonacha, spóirt, fiontair shóisialta agus comhlachais gnó chun tionscadail a chur i gcrích a chuirfidh feabhas ar shaol na bpobal áitiúil agus ar chaighdeán na beatha.

patrick greene accepting an award

Gradam ríomh-Rialtais na hÉireann don tSeirbhís Páirceála ‘Tá Neart Bealaí Íocaíochta Ann’ buaite ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

1 October 2026

Bhuaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe an Gradam do Sheirbhísí, Íocaíochtaí agus Idirbhearta Digiteacha ag Gradaim ríomh-Rialtais na hÉireann 2026 as a cur chuige nuálach agus cuimsitheach i leith íocaíochtaí páirceála i gCathair na Gaillimhe. Tugtar aitheantas leis an ngradam seo don athrú ó bhonn atá déanta ag an gComhairle ar a seirbhís íocaíochta páirceála, ag imeacht ó chóras a bhí ag brath go príomha ar mheaisíní íoc agus taispeáin ar an tsráid go dtí samhail sholúbtha “Tá Neart Bealaí Íocaíochta Ann”.

staff posing for photo

Leabhrán Nua ar Theacht Aniar an Duine agus Athléimneacht Pobail Chathair na Gaillimhe Seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

30 September 2026

Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a Leabhrán nua ar Theacht Aniar an Duine agus Athléimneacht an Phobail a sheoladh, acmhainn phraiticiúil atá leagtha amach chun cabhrú le daoine aonair, le teaghlaigh agus le pobail a bheith réidh do chásanna éigeandála agus aghaidh a thabhairt orthu. Cuirtear treoir agus tacaíocht ar fáil sa leabhrán chun déileáil le réimse éigeandálaí agus tá sé dírithe ar chúnamh a thabhairt do dhaoine réitigh chiallmhara a dhéanamh roimh ré ionas go mbeidís in ann fanacht chomh neamhspleách agus is féidir le linn éigeandála nó aslonnaithe.