Is Iomaí Bealach atá ann le hÍoc as Páirceáil

Tá bealaí éasca éagsúla ann anois le híoc as páirceáil i gCathair na Gaillimhe. 

Roghnaigh an bealach is fearr a oireann duit:

  • Aip: íoslódáil an aip Galway City Parking (Android agus iPhone).
  • Suíomh Gréasáin: íoc ar www.GalwayCityParking.ie
  • Fón: glaoigh ar na línte íocaíochta páirceála - (091) 894 300
  • Ar an Láthair (airgead tirim nó cárta): íoc in aon siopa miondíolacháin Payzone - cuardaigh an comhartha bándearg Payzone nó féach ar liosta de mhiondíoltóirí Payzone i gCathair na Gaillimhe, nó féach ar léarscáil de shuíomhanna Payzone i gCathair na Gaillimhe.
Parking Webpage Spotlight

Tionscadal Athchóirithe Choill Mhuirlinne

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag déanamh dul chun cinn ar a plean coillearnach dhúchasach a dhéanamh as Coill Mhuirlinne, chun gnáthóg níos seasmhaí agus áis don phobal a chruthú in áit a ndearna Stoirm Éowyn go leor damáiste i mí Eanáir 2025. 
Ó mhí an Mhárta 2026 ar aghaidh, agus Tionscadal Athchóirithe Choill Mhuirlinne á phleanáil, bhí an Chomhairle ag plé le páirtithe leasmhara éagsúla agus tá éisteacht tugtha dóibh. Bunaithe ar an toradh a d’eascair as cuid den phlé sin, iarradh trí chineál comhairle ó shaineolaithe; comhairle éiceolaíochta, comhairle chrannadóireachta agus comhairle zó-eolaíochta. 

Merlin Woods

Rannpháirtíocht Phoiblí: Uiscí Snámha a Shainaithint

Ní mór d’údaráis áitiúla láithreacha oifigiúla snámha a shainaithint ina limistéar gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na láithreacha sin maidir lena sábháilteacht, lena gcáilíocht uisce agus lena leibhéal úsáide.  D’fhonn cabhrú leis an bpróiseas sin, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh ar dhaoine a bhíonn ag snámh ag tránna, i lochanna nó in aibhneacha a chur in iúl di cé acu ba cheart di na hainmniúcháin reatha uiscí snámha a choinneáil i bhfeidhm nó ainmniúchán oifigiúil nua láthair shnámha a thabhairt do láithreacha a úsáidtear chun críocha snámha go minic agus nach bhfuil sainaitheanta mar láithreacha snámha faoi láthair.
 

slider_BathingWaters.jpg
woman standing outside with clasped hands in a black dress with a red, brown, and black panelled skirt. The background is orange leaves on treas and all over the ground.

A Céad Oifigeach Rochtana Ceaptha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

23 November 2026

Tá a céad Oifigeach Rochtana ceaptha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, an chéad uair riamh a bhfuil ról nua tiomnaithe inrochtana cruthaithe san eagraíocht. Is í Sarah Quilter Lee atá ceaptha sa bpost, agus beidh sí ag obair le ranna uile na Comhairle chun cúnamh a thabhairt i dtaobh rochtain fheabhsaithe ar sheirbhísí, ar fhoirgnimh, ar eolas agus ar spásanna poiblí na Comhairle do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta ar fud Chathair na Gaillimhe.

A photomontage image showing part of the future Monivea Road (East) Active Travel Scheme.  This image shows the proposed works, including the new cycle lane and people crossing at traffic lights.

Scéim Taistil Ghníomhaigh Bhóthar Mhuine Mheá (Thoir) Ceadaithe ag Comhairleoirí Chathair na Gaillimhe

19 November 2026

Tá cead tugtha ag Comhairleoirí Chathair na Gaillimhe do Scéim Taistil Ghníomhaigh Bhóthar Mhuine Mheá (Thoir), tionscadal trína gcuirfear áiseanna níos sábháilte ar fáil do dhaoine a bhíonn ag siúl, a úsáideann deiseanna a bhfuil rothaí orthu, a théann ar rothar nó a úsáideann iompar poiblí feadh 1.7km den R339 idir Bóthar an Bhaile Bháin agus Seanbhóthar Bhaile an Bhriotaigh.